School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0082
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn Oíche Shamhna an ar an aonad lá tríocha deireadh fómhar. Imrítear a lán cleasanna an oíche sin. Déanann bean an tighe caca, agus cuireann sí fainne, píosa éadaigh, slat beag réal, agus cnapán isteach ann. Gearrann sí suas é agus tugann sí píosa do gach duine sa teach. An duine a fhaigheann an fáinne, beidh sé pósta sul mbeadh an bliain caite, an duine a faigheann an píosa éadaigh beidh sé in a fear bocht. An duine a faigheann an slat beag beidh sé ag troid le mhná nuair a pósadh é, nó más bean a fhaigheann é beidh sí ag troid le na fear. An duine a fhaigheann an real beidh sé ina fear saibhir, nó ina bean saibhir. An duine a faigheann an cnapán beidh sé in a táilliúr.
Faightear tobán agus leagtar I lár an urláir é. Líontar é le h-uisce. Cuirtear úll isteach ann. Bíonn gach duine ag iarraidh an úll a thogáil suas lena bhéal. An duine a thógann suas é is leis é. Caitear real isteach an agus an duine a thógann suas é is leis é.
Crochtar úll ón siléar agus cuireann duine a dhá lámh in a chúl, agus bíonn sé ag iarraidh breith air lena bhéal. An duine a bheireann air is leis é
Leagtar fochupáin ar an mbord. Cuirtear cré I gceann acu, uisce I gceann eile, fáinne I gceann eile, siosúr i gceann eile, agus píosa éadaigh(continues on next page)- Collector
- Proisias Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cearbhaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway