School: St Margaret's

Location:
Saint Margaret's, Co. Dublin
Teacher:
Una Aylmer
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0792, Page 255

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0792, Page 255

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: St Margaret's
  2. XML Page 255
  3. XML “Tobar Mháiréide”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ó n Caisleán gó Sean Roilig agus deirtear an tobar atá ins an áit seo gurbh é an tobar sin i n-a sheomra folcáin ag na "Pluincéid"
    An Bothar ag dul go dtí an caisleán sin, an coirnéal ag a casann sé ar clé ó'n bóthar seo, deirtear go raibh tíg ósta ann fadó, nó "tig tábhárna", pé scéal é, bhí ri-rá agus ruaille-buaille ar siubhal ag an coirnéal sin, agus na daoine a thaghadh amach as an tigh sin, deirtear go mbídís ar meisge agus thosnuigeadh an troid eattortha, agus na daoine ag gabhail tart gan baint leo. Ba dheacair doib dul thart gan buille d'fhagháil agus an ainm atá ar an coirnéal sin 'sé "pass if you can"
    Timceall míle theas ón coiréal seo, bhí tig ósta mór ar thaobh an bhóthar, agus an Ainm a bhí air ba é "Leomhan Dearg" Tá na fothracha le feiceál fós.
    Ta sean-tig ins áit seo ag an coirneal ag dul ar an mbóthar i dtreo Shord Colmcille' agus deirtear gurbh tig an tábhairne ann freisin. Is ait an sgeal ná fuil tigh de'n tsaghas sin ins áit seo anois. Cé go bhfuil tighthe mar sin ins an gcomharsanacht ní fuláir nó fo raibh baile mór ann fadó mar bhí aontacha móra ar siubhal, agus sluaighthe daoine bailighthe le céile ag ceannach agus ag díol.
    Níl ann anois acht tuaith agus anois agus arís nil aon nidh le cloisint acht adharc an gluaisteáin ag gluaiseacht thart nó éinín ar an geigimh ag cantan ceoil.
    Ag dul ó thuaidh ón seipéal seo, tá saghas túir ann agus deirtear gurbh mhuileann na gaoithe é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish