School: Tír na Sligeach (B.) (Tiernasligo) (roll number 16107)

Location:
Tirnasligo, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1122, Page 61

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1122, Page 61

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Sligeach (B.) (Tiernasligo)
  2. XML Page 61
  3. XML “Scéal - Oileán na Dumhcha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    naoi mí nuari a bhí sí bealtaine (?) agus bhí an mhaológ riabhach bealtaine (?) fosta agus ní rabh i bfad go rabh ceithre cinn aca aici annsin.
    Ceangal sí an mhaológ riabhach ins an bhoitheach agus leig sí do'n triúr eile siubhail thart. Lá amháin bhí na Ba uilig amuigh agus chuaidh an bhean amach san tráthnóna le iad a chuir isteach. D'éirigh an Mhaológ riabhach crosta agus ní rachadh sí suas na h-áite. Chuaidh sí suas fá dheireadh. Thóg an bhean an buarach agus buail sí slap ar an smut leis. Le sin, léim an mhaológ riabhach amach ar an doras agus chuaidh sise amach na diaidh. Annsin chonnaic sí an bean eile in a sheasamh suas go dtí an bhasta san uisge Trágh'-Bréige. Sgairt an bean seo amach: - ~"Tcháy-Chraóg, 'Tchay chraóg, (?) a Mhaológ Riabhach, a mhaológ riabhach go gamhain. ' Chuaidh an t-iomlan aca isteach annsin agus chan fhacha an bhean níos mó iad.
    Conn Ó Dochartaigh
    Rang G.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conn Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Urrismenagh, Co. Donegal
    Informant
    Péigí Ní Shearcaigh
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Tullagh, Co. Donegal