School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 316
  3. XML “An Buidéal Iontach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    annsin tháinic droch bhliadhain agus cha raibh a dhath airgid ag Diarmuid fá choinne na cása agus dubhairt sé le n-a bhean go rachadh sé go h-aonach Craoslaigh leis an bhó. D’imthigh sé leis go moch ar maidín agus bhagair Sighle air gan an bhó a dhíol ach ar an luach is aoirde. Ní raibh sé i bhfad ar an bhealach go bhfacaidh sé sean-fhear beag críonna caithte ag teacht n-a dhiaidh. Níor mhaith le Diarmuid dreach an fhir seo agus thoisigh sé ag siubhal ní ba ghaiste ach chongbhuigh an sean fhear suas leis. Ins an deireadh labhair sé le Diarmaid “Cá bhfuil tú a ghabhail?” ar seisean “Go h-aonach Craoslaigh” arsa Diarmuid agus é ar crich le sgannradh. Bhfuil tú ag gabhail an bhó sin a dhíol?” arsa an fear beag. “Caidé eile bhéinn ghabhail a dhéanamh léi?” arsa (seise) Diarmuid. “An ndíolfaidh tú liom-sa é?” arsa’n fear beag. “Bhéarfaidh mé an buidéal beag seo duit uirthi”. Scáirtigh Diarmuid ag gáire. “Thig leat gáire a dhéanamh más maith leat” arsa an fear beag “ach mé a rádh leat gurb’ fhearr duit an buidéal é agus béidh tú saidhbhir. Níl a dhath le déanamh agat ach iarraidh ar do bhean an t-urlár a scuabadh, an tábla a chur i lár agus éadach bán a chur air agus an buidéal a chur air agus a rádh leis an bhuidéal” Déan do chuid, a
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish