School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Page 223
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uirthi, agus trí ghárda faighdiúr a choimhead, agus mar ngoidfí sé an beathach, bainfhidh mé an ceann dé.
Maidín lá thar na bharach chuaidh Seán na bhaile mhóir, agus cheannuigh sé buideál uisge beatha. Tháinig sé fhad le teach an fhir uasal, agus chuaidh sé isteach i mboitheach na muc, agus thoisigh a phiocadh an mhuic. Dubhairt duine de na fir go rabh bainbh ag an mhuc, agus d’amharc siad, agus fuair siad Seán ina luighe faoi’n mhuc. Thug siad isteach go dtí an teine é, chuartaigh siad a chuid pócaí, fuair siad an t-uisge beatha, agus d’ól achan dhuine aca a shaith dá. Thuit siad thall agus [abhus]? ‘Sa deireadh thuit an fear a bhí ar an bheathach, agus nuair a fuair, Seán iad uilig ‘na luighe, d’éirigh sé agus thug sé leis an beatach.
Ars an fear uasal ar maidín “Tcín go bfuil páirt mhaith den cheird ag Seán. Mur ngoidfhí [se]? an bhraithlín amach as fúmsa, gcarrfhaidh mé an ceann de. Chuaidh Seán ‘na roilige, agus thóg sé corp a bhithe ar indiaidh cur an lá sin. Cheangal sé as rópa é, agus chuir sé síos an similéir é. Nuair a chonnaic(continues on next page)