School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 208

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 208

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 208
  3. XML “Báthadh Mór Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá craobh mór fada de Chuan na Long ag síneadh isteach o'n uisge domhain - i , o bharra an Aird ar an thuascirt go dtí Béal an Leaca ar an deiscirt. Tá an gaoth seo níos mó no trí míle ar fad agus idir leath-mile agus míle ar a leitheadh. Tá an t-Árd Múire ar an iartar agus Craoibhigh ar an oirthear de'n ghaoth mhór fhada seo, áit íontac deas ar fad atá ann. Trágh tirim a bhios ann nuair a bios an lán mara amuigh, acht nuar a thiocfas ann lá mara isteach cumhdáceann sé an traigh uilig, agus nídeann se seo comh gasta sin gur chaitfhidh duine ar bith a bhios amuig ar an tráigh a bheith ar a coimheadh no baitheadh é.
    I mí na Lughnasa thiocann leir chorr shéasca isteach agus luigheann siad ins an ghanaimh, agus annsin cruinnigeann na daoine óna h-áiteacha thart fa an traigh le spadannaí agus malaí leobhtha agus toisigheann siad ag ramhair fa coinne na gcorr séasca; badh gnathach leobhtha a theacht na bhaile agus lán malaí de corr sheascaí leobhtha. Ins an oidhche nuair a bheas an geallach lán a' am a bhfearr fa choinne an oibre seo.
    Tá sgéal annseo ameasg na daoine fa dtaob do rud a thárlaigh ló cruinneadh daoine a bhí ar an traig ag chruinnóg corr shéasca oidhche amháin ins an am fadó. Tharlaigh se do rear cunntas na sean-dhaoine fa thuairm cead go leith bhliadhain ó shoin. Bhí leir daoine cruinnigiste ar an traigh an oidhche seo. Oidhche breagh geal a b'é ann agus bhí fir agus buachaillaí, mná agus cailíní cruinnigiste ann ar gach uile aird. Bhí na corr séasca iontac
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. drowning (~292)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir