School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sraith Mhór
- XML Page 29
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear an amháin agus shíl sé go rabh a bhean dhul a fhaghail bhais. Chuir sé fa choinne an t-sagart.”
Sgéal. Bhí fear an amháin agus shíl sé go rabh a bhean dhul a fhaghail bhais. Chuir sé fa choinne an t-sagart. Nuair a bhí siad ag teacht comhgarach do’n teach dubhairt an fear leis an sagart rachaidh mise an aithghiorra agus thig leats-a dhul thart an bhealach mhór “Seo chugat” arsa an t-agart “tabhair leat an mála seo agus iomchar go faithcheallach é”. Nuair a tháinig an sagart fhad leis an teach chuaidh an fear amach agus arsa an fhear leis an sagart “bhfuil a dhath eile olla leat” cuir mise cha bith bhí sa mhála uirthí agus cha ndeachaidh sé suas go dtí na lairgeacha féin uirtí.Scéal
“Bhí fear an am amháin agus bhí a bhean ag fagháil bhais. Chruinnigh na daoine muinteardha isteach agus nuair a fuair an bhean bás bhí siad na suidhe thart ag comhradh.”
Bhí fear an am amháin agus bhí a bhean ag fagháil bhais. Chruinnigh na daoine muinteardha isteach agus nuair a fuair an bhean bás bhí siad na suidhe thart ag comhradh. Dubhairt bean aca go rabh sí ag Dia anois agus go rabh súil aice go rabh sí níos fearr. Bhí fear-an-toighe ag cuir síos teine agus(continues on next page)- Collector
- Áine Ní hEarlaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó hEarlaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50