School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 287
- XML “Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Béaltaine amháin d'éirigh maol buidhe ar an oileán, shnámh sí un talaimh agus chuaidh isteach i mboitheach na mná seo. Mar nach rabh duine le n-a h-éileamh choinnigh an bhean í agus bhí sí aici go rabh naoi ngamhna aicí. Níor dhíol sí aon cheann aríamh aca. Lá amháin bhi an bhean indiaidh maoiseóg phreátai a fhágail taoibh amuigh de'n doras agus tháinig an mhaol bhuidhe agus thóg sí préatai as an chiseóig. Thóg bean an toighe an sguab agus bhuail sí buille ar an bhinn. Ní luaithe a rinne na d'éirigh fear ar an oileán agus sgairt amach "Che! Che" a chroidheóga, o maol buidhe go gamhain"
D'inntigh an mhaol bhuidhe agus a síolrach snámh siad 'un oileáin agus ní fhactas iad ón lá sin go dtí an lá indiu.