School: An Tor

Location:
An Tor, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Monagail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 47

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1066, Page 47

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tor
  2. XML Page 47
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí luchóg ann aon uair amháin agus bhí sí na comhnuidhe i bpoll beag faoi'n urlar i dteach mór. Bhí sí té (?) seasar ins an neid a bhí deánta aicí san pholl.
    Bhí an chuid i bhfeárr de achan cinéal bidh aici da rabh san teach. Bhí cat ins an teach agus aindheoin gur fhiach sé lé greim a fhághail oirthí go minic ní rabh dall aige breith oirthí. Bhí an luchóg i gcomhnuidhe ar a coimhead nó bhí fhios aige cé an uair a b(?) an cat na codhladh a chois na teineadh agus annsin thiocfadh sí amach ar lorg bídh.
    D'fhiach an cat ach uile cleas a bhfhéidir leis smaointiughadh air le dall na mullóg i chur ar an luchóg le breith uirthí ach ní rabh gar dó ann, bhí an luchóg ró tuith aige.
    Bhí cruinniughadh fear san teach mór oidhche amháin agus bhí siad ag ithe agus ag ól. Thit buideal biotáilte ón tábla nuair a bhí na fir ag imtheacht agus briseadh é. Fhad agus bhí na fir istuigh agus iad ag ithe agus ag ól, bhí an cat na luighe ag taobh na teineadh ag amharc ortha agus ag éisteacht leó. Thug sé fa ndeara go rabh cuid dé na fearaibh ag cainnt go h-amaideach agus go rabh cuid mhor mórtas ag cur as daobhtha nuair a bhí snáthadh dén bhiotáilte ólta aca. Dar leis fhéin dá mbéadh braon biotáilte ólta ag an luchóg go mbhféidir go ndéanfadh sé amaideach agus mórtasach í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cumhaill
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Cumhaill
    Gender
    Female