School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 97
- XML “Iníon Rí Chnoc an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gearr sí píosa eile fiola agus d’iarr air sin a ithe fosta. Rinn seisean mar h-iarradh air.
“Bhí fhios agam”, ar’ sise, “gur tusa atá leis na geasa atá orm a scaoileadh. Tá mise faoi gheasa ag fáthach atá ‘n-a chomhnaidhe ann a leithid seo de chaislean agus tar thusa liom-sa agus dheanfaidh muid ar ndícheall leis an iomaire atá romhainn a threabhadh”.
D’imthigh an bheirt leabhtha agus níor stad siad go raibh siad ag an chaislean. Nuair a chuaidh siad isteach ní raibh a’n dhuine istigh rompa, mar bhí an fáthach amuigh ag seilg. D’innis inghean ríogh Chnoc an Óir annsin do mhac ríogh na hÉireann caidé mar thiocfadh leis na geasa a bhí uirri a scaoileadh.
“Nuair a thiocfas an fáthach ‘n-a bhaile anocht”, ar’ sise, cuirfidh sé i gcéill duit go bhfuil lúthghair mhór air romhat ach ní’l cead agat-sa aon fhocal amháin cainnte a labhairt leis ná thabharann tú freagair air béidh na geasa gan scaoileadh”.
Le clapsholas tháinic an fáthach isteach agus(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 38
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal