School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 31

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 31

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 31
  3. XML “Seanráite (Seanfhocail)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    463. Ní truimide de’n loch an lach,
    Ní truimide de’n each an srian,
    Ní truimide de’n chaoirigh a h-olann,
    Ní truimide de’n cholainn ciall.
    464. Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an foghmhar.
    465. Nach bocht é an teach gan bean toighe.
    466. Ní h-iongantaighe é ná seal na mara ag trághadh.
    467. Ní mhaireann na bréaga ach tamall.
    468. Ní’l fhios cá h-áit a mbainfear móin do.
    469. Nuair a chruadhann an t-slat is deacair ‘a sníomh.
    470. Ná fág an sionnach ag buachoilleacht na ngéach.
    471. Ní mhaireann cogadh ar bith ach seacht mbliadna.
    472. Ní’l anns an náire ach mar ghlactar í
    473. Ní’l tú cinnte de’n ghreim atá tú cur ann do bhéal
    474. Ní trí neithe is doiligheacha a thaegheadh ar aonach:-
    uaireadóir, rasúr, agus bean.
    475. Ní dheachaidh an madadh ruadh ar seachran ariamh.
    476. Níor dhóigh an sean-chat é fhéin ariamh.
    477. Ní críonnacht criogaireacht.
    478. Ná deán feoil a’s iasc daobhtha.
    479. Ní fhanann fear muirighín le fear sotail.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish