School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag bun an chrainn ag fanacht le Seaghan agus nuair a chonnaic sí an t-ór ag tuitim anuas scannruigh sí agus thuit sí i luighe. Nuair a chonnaic sí chuici fhéin araist bhí Seaghan ‘n-a sheasamh le n-a taoibh. Chuir sí fáilte roimhe, agus chuir sí ceist air cá h-áit a bhfuair sé an t-ór agus d’innis sé dithe.
An oidhche sin rinn siad féasta beag daobhtha fhéin agus bhí cuid mhór milsíneach aca. Tamall ‘n-a dhiaidh sin chuir Seaghan air sean chulaidh bhratógach agus d’imthigh leis suas an crann agus shiubhal leis go dtáinic sé go dtí an caislean.
Bhuail sé ar an doras agus foscladh do. An bhean a tháinic go dtí an doras chuir sí ceist ar Sheaghan caidé bhí a dhitheamhail air, agus dubhairt sé gur lóistín na hoidhche agus greim le hithe. Dhiúltaigh sí sin a thabhairt do. Dubhairt Seaghan go raibh giota fada aige le gabhail ‘n-a bhaile agus go raibh sé tuirseach ocrach. Indiaidh tamaill cainnte fuair sé(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Donegal
- Informant
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Anagaire, Co. Donegal