School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 21
- XML “Seanráite (Seanfhocail)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)300. Iasacht an roithleáin do'n fhaoileóig, iasacht nach ndíoltar a choidhche.
301. Is fearr duit madadh go maith duit ná go holc duit.
302. Is eascaidh neoin ná maidín.
303 Is rí gach duine ar a thoil.
304. Is fusa gníomh maith a dhéanamh na droch ghníomh.
305. Is beag an mhaith póca agus a thóin a bheith follamh.
306. Is fearr mionna a bhriseadh na droch--ghníomh a dhéanamh.
307. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
308. Is minic a bhain easbhach (taisme) de mharcach mhaith.
309. Ith do mheascán agus gabh do leithscéal agus bíodh pluc shleamhain shlíocaidh ort fhéin.
310. Is maith an buta le gasúr fear.
311. Is fearr greim de choinín ná dhá ghreim de chat.
312. Is minic a bhreis béal duine a shrón.
313. Is fiosach an rud, an saoghal.(continues on next page)