School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 169
- XML “Pictiúr na Luchóige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leithe agus chaith sé amach san abhainn í.
D’imthigh leis a’ t-srúth agus nuair a bhí sí chomhair a bheith báidhte d’éirigh leithe greim a fhághail ar bhun crainn a bhí ag fás ar bhruach na habhna, agus tharraing sí í féin amach as an uisce.
Bhí fear ag siubhal tart ag taoibh na habhna agus chuir sé ceist uirri caidé tháinic uirri agus dubhairt sí go raibh sí ag gabhail thart le bruach na habhna, go dtáinic easóg ‘na diaidh, go dtug sí léim isteach san abhainn le í fhéin a shabhail agus gur h-obair nár báitheadh í.
Thug sé leis í go dtí a theach féin agus bhí sí ag deanamh oibre an toighe do. Breitheamh a bhí anns an fhear seo. Oidhche amháin tháinic sé isteach agus dubhairt sé leithe go raibh cás mór aige le breitheamhas a thabhairt air lá thar na mharach; go raibh captaoin soithigh ann, agus gur bhain sé gealltaí agus nach dtabhairfeadh an fear ar chuir sé na gealltaí leis an dúithche(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac Pháidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal