School: An Mhín Mhór (roll number 16342)
- Location:
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Teacher: Pádraic Ó Breisléain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhín Mhór
- XML Page 26
- XML “Antoin Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus o sin amach rinne Antoin comhnuidhe ar an Clochán Liath. Stad sé d’é’n bhacacas.
Spealadóir an mhaith a bhí ann, agus bhí sé raidhte nach rabh a léithead lé fágail ag piocadh speile no ag cur faobhair ar speil.
San am sin ní rabh motair ar bith ann, agus bhí na Gearrán Iarrain fhéin gann go maith. Má bhí teachtaireacht ar bith le deánamh fa’n Clochán Liath, bhí Antoin i gcomhnuidhe toilteanach lé na deánamh.
Is iamdha siubhail fada a chuir sé de fhéin ag deánamh teachtaireachta ‘un na gCruic.
Thárla fán am a bhfuil mé ag tarraingt an scéil air go rabh faire ins na Cnuic, agus chuaidh Antoin chuig an fhaire agus mur nach rabh gleas iomhchara ar bith eile lé fághail cuireadh Antoin na Chlocháin Léith leis an chomhnair a fhághail. Chuaidh Antoin na Chlochán Léith, agus fuair sé chomhnair. Nuair a d’fhág sé an Clochán Liath thoisig sé ag cur. Chuaidh Antoin ar fascadh ag taobh cruaiche mhónadh. Thoisigh sé ag cur agus bhí Antoin fliuch báidhte. Chuaidh sé isteach san chomhnair agus luigh sé síos. Chuir sé an clár air annsin. Ní rabh sé ibhfad in a luighe go dtí gur thuit sé thart na chodladh.(continues on next page)- Collector
- Éamonn Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- An Mhín Mhór, Co. Donegal
- Informant
- Padraic Ó Breisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal