School: Béal na Cruite (Belcruit) (roll number 5734)

Location:
Béal na Cruite, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 92

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 92

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Page 92
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí doighteán i mBeul na Cruite an uair amháin nach rabh a leithead san chuid seo den tír roimhe sin na o thoin.

    (continued from previous page)
    bhfuil teach Jimmy Tom anois. Damharc sé thart agus théid sé an dearglach uabhasach san spéir go díreach ináirde os gorm an Gleanna. Bhúail an smaoitiú é go rabh chuid toighthe an ghleanna tre theinidh agus le sgáirt ar an mhuinntir bhí istoigh siud ar é comh tiugh gear 's thiocfadh leis ag tarraingt ar an ghleann. Nuair a fuair sé an fad sin, d'aithin sé annsin gurb é amuigh fa bhóthoigh Seimí bhí an teine mhillteanach, agus mar dhubhairt sé féin indiaidh sin, thuig sé ina chaoidhe[?] go rabh an chaill deánta. Bhí cuid fear an ghleanna ar shiubhal amach roimhe agus dimthigh sé féin sna sálaibh acú. Ba annsin bhí an t-amharc leánmhar, sgáthmhar le feiceail agus an duine a chonnaic é níor chaill sé chuimhne air go deachaidh sé san chreafóig. Bhí dubh sgáifte cruinnigthe ann, agus cuid acu anuas as an Mínbeannaid féin, agus siocar a mhalaidh bhéith ar amhairc Mínbeannaid chonnaiceas an téine on ait sin comh luath agus bhris na bladhairí amach fríd ceann an toighe. Mar dubhairt mé roimhe, bhí aimsear mhaith ann agus bhí an tuighe comh tirm le púdar, agus uair amháin ar bhuail na bladhairí é, bhí sé na craos-teineadh o cheann ceann na bóthóige. Lígh na bladhairí ceann an bhoithigh fosda 's ibhpeabhadh na súil bhí an ait sin (imthigthe) slugtha ag na bladhairí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish