School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 402
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ghlac achán duine aca bealach dó fhéin agus nuair a chuaidh fear amháin soir giota casadh fear do a rabh adhmad leis agus na gléasraí uilig leis a bhí de dhíth fa choinne tábla a dhéanamh. “Tusa an fear ceadna atá de dhíth orm,” arsa an fear a bhí gabhail a fhóghluim a chéirde.
“Goidé atá de dhíth ort? arsa fear an adhmaid
“Tá fear a dhith orm a bhfuil a chéird foghlumtha aige.”
“Tá mo chéird agam-sa go maith, arsa seisean agus an ndéanfaidh sin do ghnaithe?”
“Déanfaidh sin mo ghnaithe cinnte,” arsa seiean.
“Bhal siubhail leat liom-sa agus dhéanfaidh mise fear saidhbhir duit.”
Chuaidh agus níorbh fhada go dtáinig siad go dtí teach beag ar thaobh an bhealaigh mhóir agus chuaidh an péire aca isteach ann. thoisigh an fear a rabh a chéird aige go maith agus rinne sé tábla. Nuair a bhí sin déanta aige d’iarr sé ar an fhear eile an rud céadna a(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Informant
- Séamas Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal