School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 263
- XML “Ag Iarraidh Mná”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag Iarraidh Mná
Bhí fear ann aon uair amháin agus rinne sé suad a intinn go bpósfadh sé. Chuaidh sé fhad le comhursanach a bhí ins an áit agus chuir sé ceist air an mbéadh sé ábalta a ghabhail leis oidhche éiginnteacht taobh anonn do Gaoth Dobhair a iarraidh mná. Dubhairt sé go mbéadh.
Nuair a tháinic an oidche d’imthigh an bheirt leó agus níor stad go raibh siad taobh thall de Ghaoth Dobhair.
Nuair a bhí siad ag fágail an bhaile arsa’n fear a bhí gabhail a iaraidh na mná “achan chineál dá n-abraidh mise dúbhail tusa é”
Tháinig siad fhad le teach na mná agus chuaidh isteach. Cuireadh fáilte mhór rompa agus hiarraidh ortha suidhe.
“Ní a shuidhe a thainig muid ach a iarraidh mná,” arsa an comhursanach. Thoisigh an fear a bhí gabhail a iarraidh na mná agus d’innis sé caidé an rathamhnas a bhí aige.
Tá céad punta agam,” arsa seisean.(continues on next page)- Informant
- Miceál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Croich Uí Bhaoill, Co. Donegal