School: Mullanmore (roll number 1734)

Location:
An Mullán Mór, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Coilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullanmore
  2. XML Page 242
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sí go h-íseal sin comhartha fearthaine.
    Nuair atá an cat ag sgríobhadh le na dhá chois sin comhartha gaoithe.
    Nuair a chínn muid ceo ar na cnuic sin comhartha droch-aimsire.
    Nuair atá fáinne comhgharach domn ghealaigh sin comhartha doininne i bhfad ar shiubhal agus nuair atá an fáinne i bhfad amach on ghealaigh sin comhartha go bhfuil doineann comhgharach.
    Nuair a bhíos na réaltógaí ag spreacharnaigh sa spéir sin comhartha siochain.
    Nuair a bhíos an ghrian báithte no leath-bháithte sin comhartha fearthainne fosta.
    Nuair a bhíos carraicheacha ag soilsighadh leis an ghrian sin comhartha fearthainne.
    Nuair atá an ghaoth anoir sin comhartha aimsire maithe.
    Nuair atá an spéir deas, glán, gorm sin comhartha aimsire maithe.
    Nuair blaidhrí gorm ins an teinidh sin comhartha go bhfuil doineann ag teacht.
    Nuair atá mórán cuilleoga thart fá'n fhuinneog, no thart fan abhainn sin comhartha fearthainne.
    Nuair a bhíos moran seangain eiteogach ar an bhealach mhór sin comhartha fearthainne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish