School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 212
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mharcach d'imtheochadh an marcach 'na theinidh agus ní bheadh an duine é féin i bhfad beo.
Carraig an Áraidh Anroich (Anró?)
Tá an áit thiar annsin ar mhullach na gCruach Gorm. Bhí fear ag teacht isteach as Dún na nGall, agus tháinig an odhíche air ar na cnocaibh. Luigh sé síos faoi charraig agus leis an oídhche shiocáin agus sneachta bhí sé marbh ar maidin. De bhrígh sin 'sé Carraig an Áraidh a thugtar ar an áit ó shoin.
Carraig Fhinn
Seo carraig mhór atá 'na luighe ar shráid toighe comhgarach ag an sgoil. Deirtear gur chaith Fionn Mac Cumhaill í ó mhullach na gCruach Gorm.
"An Páiste beag"
Seo ainm atá ar pháirc thíos ag bun Gháigín i nDeireadh gCruach ( Dearg Chruach). In aimsir na nDlighthe Pianamhla bhí dream daoine lá amháin istoigh faoi charraig i bhfolach ar shaighdiúiribh dearga. Bhí bean ann agus páiste óg leithí .Bhí eagla ar an bhunadh eile go rachadh(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Padraig Mac Giobúin
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Deargchruach, Co. Donegal