School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 236
  3. XML “Scéal fán Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhfaghadh sé an líon tágtha leis acht bhí an Diabhal ró-cruaidh aige, ni leigfead sé leis é.
    Bhí deárhtar ag Séamus a dtugad siad Prionnseas air agus thainig seidean fhad le Séamus go bhfeicead sé caidé a bhí a chongbhailte, go rabh an fhuireann ag fanacht leis. D'freagair Séamus nach rabh neart aige air; go rabh an Diabhal i n-a sheasamh ar a' líon agus nach leigfead sé leis é. "Fan," arsa Prionnseas, "go bhfághaidh mise fhad leis, cuirfidh mé an tóir air." B'fhíor dó. Nuair a fuair seisean fhad le ceann an lín ní rabh (ag) an Diabhal i bhfad ag teitheadh.
    Tóg Prionnseas an líon agus d'iomchuir na bháid é is níor bhodruigh an Diabhal é an oidhche sin ní ba mhó. Cupla oidhche i n-a dhiaidh sin thainig an Diabhal arais i n-a chumadh muice. Thog seisean a bhrog leis agus thug buille dó. D'imigh sé le sin acht thainig sé air arais agus é ag iasgaireacht i gcumadh bád seoil ag bualadh go cruaidh leis an ghaoith. Bhí bád ag tarraingt comhgarach anois don bhaile agus le sin chuir an Diabhal go dtí na mhuineál é i gcuan uisge. Shnámh sé agus shnámh sé nó go rabh a chos ar thalamh thirim arais. D'eirigh sé i n-a sheasamh annsin agus chuir sé ceist ar an Diabhal an rabh sé ábalta aon dath eile a dheanadh leis. Níor thug an Diabhal aon toradh air agus ghéaff Prionseas an Chroich-Chéasta i n-a aghaidh. Le sin d'imigh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal