School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Cróibh, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cróibh
  2. XML Page 140
  3. XML “Dona agus Domhnall Dona”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí lánamhain ann fada ó shoin d’arbh ainm Dona agus Domhnall Dona agus an uile phighinn a gheobhadh an Domhnall Dona bheirfeadh sé do na mhnaoi é le taisgidh fá choinne na coise tinne. Lá amháin tháinig fear bocht isteach agus d’fiafruigh sé do’n bhean an rabh léigheas ar bith aicí fá choinne na coise tinne. Dubhairt sí go rabh, d’éirigh sí agus fuair sí spáran mór airgid agus d’ubhairt sí gur sin an léigheas a bhí aicí fá choinne na coise tinne. Seachtmhain na dhiaidh sin d’iarr Domhnall ar a bhean airgead a tabhairt dó go rabh gnoithe aige leis. Dubhairt sí nach rabh an phighinn aicí nó go dtug sí do fhear bhocht é fá choinne na coise tinne. Dubhairt an fear annsin go gcaithfeadh siad an teach a fhágailt, agus d’iarr sé ar an bhean an codhla a tharrainght na diaidh. Nuair a d’amharc an fear thart bhí an bhean ag teacht agus an codhla léithe. Thug siad an codhla leobhtha suas go mullach crainn agus rinne siad leabhaid d’en codhla le codladh air go maidin. Tháinig triúr fir thart agus mála mór airgid leobhtha. D’fág siad an mála ar an talamh agus shuidh siad fhéin ag an chrann. Dubhairt an fear go leigfeadh sé síos an codhla ortha, agus leigh. D’imtigh na fir ag rith agus tháinig Dona agus Domhnall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Ghaibhtheachain
    Gender
    Female
    Address
    Cróibh, Co. Donegal
    Informant
    Brighid Nic Giolla Easbuic
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Address
    Cróibh, Co. Donegal