School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (roll number 16735)
- Location:
- Waterford, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
- XML Page 202
- XML “Ochtaiseoirí na bPiseog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Beir ghearchaile ba eadh iad. Chuir banríon na leasa gurbh ainm di Cliodhna - chuir sí fios ortha. Thógadar siabhraí na leasa na páistí maithe ar an gcliabhán agus thugadar leo iad isteach sa lios agus chuadar féin in áit nw bpáistí - beirt acu.
Bhíodar ó lá go lá ag fáil bháis ag gol agus ag fiabhrún; gach n-aon a thagadh isteach sa tig déarfaidís gurab iontach an soinseál a bhí ar na leanaí.
Ón uair a thógadar na leanaí chun siúl go dtí an aimsear táim a rá - bhí an aimsear an-bhreá ar fad ach d'iompaigh an aimsear an-fhluich an-cheothach agus bhí casóg mór ag fear a tighe agus chuir sé fios ar an dtáilliúr chun é dheisiú dhó agus culaith nua éadaigh a dhéana dhó.
Thánaig an táilliúr lá ina dhiaidh san agus chuir sé bean a tighe agus fear a tighe ad iarraidh ábhar culaith éadaigh go stí an tsráid.
D'fhan sé féin timpeall ag déanamh jobanna beaga de obair anaithe.
Tamall éigin sa ló chuaidh sé amach agus d'airigh sé an bheirt istigh ag caint. Dhein sé amach gur siabhraí na leasa iad agus gurab amhlaidh a thánaig siad in áit na leanaí. Nuair thánaig roinnt guidí dos na leanaí mar shíl siad sa chliabhán ní íosadaís ná ní ólaidís aon rud ach gach aon slí ba ghiorra ná a chéile ag fáil bháis. Bhí an táilliúr ar feadh na h-aimsire ag féachint orthu agus iad ortha sin(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Muirgheasa
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Glenshask Beg, Co. Waterford