School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)

Location:
Tooraneena, Co. Waterford
Teacher:
Nóra Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0647, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
  2. XML Page 111
  3. XML “Áitainmneacha - Páirc an Aifrinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Áit-Ainmneacha"
    Páirc an Aifrinn.
    Tá páirc ar an dtaobh thall de'n ngleann i mBleántas a dtugtar Páirc -an Aifrinn uirthi. Tá lios i gcúinne na páirce, agus bhí cloch ann mar a mbíodh Aifreann 'á rádh sa droch-shaoghal fadó nuair ná raibh séipéal ná aon áit eile a raibh cead Aifrinn ag sna sagairt. Gleann Sheáin Uí Chathain a thugtaí ar an ngleann san atá idir an Cnoc Buidhe agus Bléantas, agus tá cabhas treasna na h-abhann gairid do pháirc an Aifrinn: Cabhas an Aifrinn a bhí air. Cheithre clocha móra atá sa chabhas. Timcheall dachad bliadhain ó shoin tháinig tuile mhór san abhainn, agus scuab sí léithe ceann de chlocha an chabhais. Tamall beag i n-a dhiaidh sin tháinig tuile eile agus d'fhág sí cloch mhór eile i n-áit na cloiche a bhí imthighthe.
    San áit a dtagann a dá abhainn le n-a chéile ag bun na Scairte agus Bhleántais tá droichead dúbhalta ann : Droichead Bhun-an-Dá-Abhann atá air; ach fé raibh aon droicead ann is é ainm a bhí ar an áit ná Áth Chlaise an Iarainn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Location
    Ballynamult, Co. Waterford
    Collector
    Cáit Breathnach
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford
    Informant
    Éilís Ní Chadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Ballynamult, Co. Waterford