School: Eanach Mór (roll number 13912)

Location:
Annagh More, Co. Mayo
Teacher:
Mártain Ó Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach Mór
  2. XML Page 30
  3. XML “Scéal - Naomh Ioseph agus an Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt lucht siubhail ag dul thríd baile lá. Tháinig siad isteach i dteach áít a raibh cailíní agus mná ag cíoradh (?) barraigh. Bhí do-fhiacal (?) ar fhear a' tíghe agus bhí sé an-fhrancánta, agus bhí bean a' tíghe an suaimhneach agus lághach. Is cosamhail gur iarr siad déirce, agus bhí fonn mhór ar bhean a' tíghe an déirce a thabhairt dhóbhtha, ach ní raibh fear a' tíghe mar sin
    (bhí tinneas air)
    D'imthigh leobhtha annsin agus tharraing siad ar teach eile agus d'fhiarthuigh na daoine sin cé an seort daoine a bhí san teach a d'fhág siad. D'innis siad dhóbhtha mar seo "teach a bhfuil bean lághach (modhamhail nó subáilceach) ann agus fear borb agus Mac Dé in-a luighe sa gcolg." Cé bhí ann ach Naomh Ioseph agus an Mhaighdean Bheannuighthe. Ní'l aon lá anuas ó shoin nach bhfuil leigheas ins an lín. (nó an barrach)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Aimsear an droch-shaoghail bhí bean ag meilt coirce agus tháinig cuid de pháistí na gcómharsan isteach aicí. Bhí siad ag annc thartú agus futha a' cur iongantais ins an obair nuair nach bhfaca siad a leitheid riamh roime. Labhair an bhean a bhí a' meilt leobhtha "Bhearfainn cuid de'n (pron. jun) min dhíbh dhá mbeadh sé cáithte agam" ar sise. Labhair an ceann ba sine de'n taos óg leithe agus d'fhreagair sé mar seo í "D'íosfainn-se cuid de'n cáith féin dha bhfághainn í."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Mártain Ó Braonáin
    Gender
    Male