School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 203
  3. XML “Cruach Phádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    deir na sean-daoine gur dhíbir N. Pádraig na h-ollphéiste agus na nathracha nimhe as Éirinn ar fad an uair seo freisin, gur chruinnigh sé iad uilig ar bhárr na Cruaiche, gur dhíbir sé anuas Log na nDeamhan iad, agus gur bháith sé amuigh sa gcuan iad. Tá baramhail gur thug N. Pádhraig cuaird ar Oileán na Cathrach ag béal Cuain Módh ar theacht anuas de'n Chruaich dó acht níl aon chruthamhantas againn go dtug. Chuir sé teampall ar bun ag Mágh Umhaill, in aice le Muirrisc, acht ní féidir a bheith cinnte an é sin an teampall a bhfuil a fhothracha ag Cill a'Ghaobhair nó an ceann a bhí ins an t-sean reilig in Achadh Uí Mháille.
    D'fhill N. Pádhraig soir arís an bealach céadna a ntáinig sé anoir thrí Achadhfhóbhair agus Baile Uí Bhúrcha go go dtí Baile an Tobair. Ar a bhealach soir do chuir sé mainistear ar bun ag Achadh Fhóbhair, agus cuireadh cluig-theach, nó túr cruinn, air 'na dhiaidh sin, a bhfuil cuid dhe le feiceál annsin fós. Seanach an t-ainm a bhí ar an Easbog a chuir Pádhraig ar Theampall Achaidh Fhóbhair, agus bhí sé 'na fhear chomh cumhail, ceannsa, cráibhtheach sin is gur thug Pádhraig Agnus Dei, no Uan Dé, air. Bhí Seanach pósda i dtús a óige agus bhí mac is inghean aige. Aonghus an t-ainm a bhí ar an mac agus Mathóna an t-ainm a bhí ar an inghean. Nuair a bhí Seanach ag tógáil Óird Beannuighthe d'iarr sé dhá impidhe ar Dhia - nach dtuitfeadh sé féin i bpeaca arís len a bheó, agus fad saoghail d'a mhac Aonghus. Gheall Pádhraig é sin do agus bhí a inghean Mathóna 'na mnaoi riaghalta in a dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish