School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)
- Location:
- Roosky, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Chorraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teanga a bhí ag na páistí agus a muintir sa mbaile. Tríd an mBéarla a d’fhoghlaim siad an léitheoireacht agus an uimhríocht, ach bhíodh na múinteoirí ag múineadh an Teagaisc Chríostaí i nGaeilge gach Domhnach tar éis Aifrinn sa séipéal. D’fhéadfadh aon duine ar mhaith leis a bheith i rang an Teagaisc Chrísotaí, agus bhíodh an séipéal lán go doras gach Domhnach le daoine, óg agus aosta, ag foghlaim aitheanta Dé agus na Sacraimintí. Bhí meas mór ag na daoine ar an nGaeilge an t-am sin cé nach labhraítí ach beagán di.
Trí leabhar Béarla a bhíodh acu, de réir scéil: an ‘Primer’ ba shimplí, an ‘Bhastard’, leabhar ní ba dheacra, agus an ‘Double Spelling Book’. Ar shlinnte is mó a scríobhaidís, ach bhí cóipleabhair acu ar a scríobhaidís le cleite. Bhíodh ar na daltaí na leabhair sin a chur de ghlanmheabhair, agus ní mheastaí éinne mar scoláire críochnaithe go mbeadh an ‘Double Spelling Book’ ar fad, idir litriú agus mhíniú, de ghlanmheabhair aige. Ní dhearna siad mórán uimhríochta, ach níor scoláire maith éinne, de réir bharúil na ndaoine, muna mbeadh ‘Duggan Rule’ aige. Sin riail eicínt san uimhríocht, ach níor thuig ceachtar den bheirt a d’inis é seo dom cén sórt rialach é. Chuadar féin ar scoileanna mar seo ach níor fhoghlaim siad an riail, mar(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonnagleragh, Co. Mayo
- Informant
- Séamus Ó Gréallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kincon, Co. Mayo