School: Loch Measca

Location:
Caherrobert, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean an Bhrúnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Measca
  2. XML Page 300
  3. XML “Na Féilte”
  4. XML “Cros Bhríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhur bpaidreacha agus leigigidh Bríghid Naomhtha isteach. "
    Théighedh na daine san seomra ar a nglúnaibh agus deiridís: " Tar isteach, a Bhriíghid Naomhtha. "
    Thagadh Bríghid isteach annsin, chuireadh sí an beart luachra faoi'n mbord agus shuidheadh sí ag ceann an bhuird.
    Shuidheadh na daoine go léir caithte dhéanadh gach duine aca crosóg Bhríghde roimh éirge ó'n mbord do. Choisrigthí na crosóga sin lá ar na bhárach agus cuirtí suas ós cionn dorais gach uile sheomra san teach iad ionnus go mbeadh a raibh san teach foi choimirce Bríghide i rith na bliana sin.
    Seo paidir a théigheann le crosóg Bhríghde:
    Go mbeannuighidhe Dia an t-Áthair, an Mac,
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cros Bhrígid
    Lá dá raibh Naomh Bríghad ag taisteal iarthair na hÉireann chuaidh sí ar seachrán thart ar Cnoc Néifin. Chuaidh sí isteach í dteach in a raibh fear agus bean . D`iarr sí eolas an bhóthair ortha. Pagánaigh a bhí san mbeirt seo, acht mar sin féin thugadar eolas a slighe dí. Annsin thug bean a tighe deoch do Bríghid. Sul ar ól sí an deoch phioc sí annsin brob luachra agus chuir sí isteach san mbainne é ag gearradh comharthas na croise ag an am céadhna. Bí iongnadh mór ar fear-a - tighe agus d`iarr sé uirthí cé'n fáth a ndearna sí sin "Mar chuir do bhean nimh san digh," arsa Bríghid.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa de Búrca
    Gender
    Female
    Address
    Ballinchalla, Co. Mayo
    Informant
    Bríghid Bean Mhic An Bháird
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Killimor, Co. Mayo