School: Baile an Daingin (C.) (roll number 4828)
- Location:
- Ballindine, Co. Mayo
- Teacher: Máire de Staic
![The Schools’ Collection, Volume 0096, Page 410](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0096%2FCBES_0096_410.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0096, Page 410
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Daingin (C.)
- XML Page 410
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghearr no go raibh an nigheachán críochnuighthe aice agus do sgar si an bleach ar an móinfhéar le h-ais an tobair. Do ghlan si an tobar in a dhiaidh is d'imthigh léithe abhaile. Níorbh fhada in a dhiaidh sin gur tháinig duine éigin a d'iarraidh cana uisce ach mo léan bhí an tobar tirim.
Ní fhaca aoinne roimhe sin ná ó shoin í leith an tobar céadna tirim. Tháinig óg agus aosta beag agus mór ag triall ar an dtobar, is do sheasadar in-a timcheall is níor labhair aoinne. Fe dheire labhair sean-duine go mall is dubhairt, "cromfaidh ar bhur nglúnaibh agus déanfaidh muid aithrighe do Dhia de bhárr an easonóra seo." Do rinne agus ag dul faoí na gréine chuaidh na páistí amach agus do sgread siad go raibh an tobar lán d'uisce agus do bhailigh gach n-aon. "Moladh le Dia na glóire" dubhradar agus níor nígheadh éadaigh san tobar sin ó shoin amach. Pupil's name. Kathleen Hynes. Logalisheen Mr. Michael Devane Irishtown, Age about 59 years.- Collector
- Kathleen Hynes
- Gender
- Female
- Address
- Lugalisheen South, Co. Mayo
- Informant
- Mr Michael Devane
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Irishtown, Co. Mayo