The Schools’ Collection

This is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s. More information

Filter results

Results

2,364 results
  1. Pósaithe

    CBÉS 0074

    Page 067

    Aon duine a bhéas ag pósadh 'sé roimhe an inid a phósann sé. Deirtear gur laethannta mí-rathmhar chun pósadh, Dé Luain agus Dé h-Aoine. Deireann na sean daoine go bfuil sé mí-rathmhar posadh í mí Mheitheamh. Deirtear gur rud mí-rathmhar do na daoine dul chun Aifrinn an chéad Domhnach tár éis posadh. Deirtear nuair a theigeann na daoine atá tár éis posadh isteach ins an tighe an chéad duine a thagas amach 'sé an chéad duine a bheas marbh. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar posadh i mí Bealtaine. Uaireannta déantar cleamhnaisti ar fud na h-áite seo. Tugann siad éadach, beithidhigh, agus airgead do na daoine atá le pósadh. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar do na daoine atá tár éis pósadh mathair
  2. Aiste

    CBÉS 0005

    Page 130

    Deirtear go mbeidh aithmhéal uirrí faoi posadh ar feadh a saoghal. 'Sé bealtaine mí nach bhfuil ádhmail chun pósadh. 'Sé diardaoin, Dia h-Aoine agus Dia Satharn na laethe nach bhfuil ádhmhail chun pósadh. 'Sé ón Nodliag go dtí an chargaos an t-am a bhfuil ádhmhail chun pósadh.
  3. Pósaithe

    CBÉS 0010

    Page 057

    Pósaidhthe
    Sé an t-am is mo a bhíos posadh ná i rith na h-Inide. Siad na laethanta sa tseachtmhain is fearr leo posadh ná Dia Luain, Dia Máirt. Más soir a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Luain agus más siar a bhíos siad le dhul is maith leo pósadh Dia Máirt. Dá mbeadh corp i dTeach an Phobail agus duine a bheith a dul ag posadh thiocfadh sé abhaile arís mar dá mbeadh clann aca béadh duine aca bodhar nó bacach. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin áirthe uair sa seachtmhadh bliadhain. Diardaoin Dearg a tugtar air agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é agus má dhéanann tú tada an lá sin ní bhéadh tú beo faoí cheann bliadhna.
    Sé an caoí a ndéantar cleamnais ná, ar dtús téigheann fear eicínt go dtí an teach ag iarraidh na mná. Má bhíonn na tuismightheoirí sásta tagann an fear a bhíos ag dul ag pósadh in aoinfeacht le cúpla duine eile agus bíonn ól aca. Tugann siad cuid den ól do na daoine eile agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann agus an spré is mó a gheibheas sí ná beithidhigh agus airgead. Má bhíonnan fear ag dul isteach i dteach na mná caithfear an talamh a shíghniú ina ainm.
  4. Madra Rua na Coille Glaise

    CBÉS 0069

    Page 413

    a dhul isteach sa seomra ach bhí an bheirt eile ar buille léithe nó go ndeacha sí isteach. Shuidh sí san gcathaoir agus sé an impidhe a d'fhiarr sí Mada na Coille Glaise a teacht dhá h-iarraidh le pósadh agus é dhá fhágháilt. Tháinic an rí abhaile tráthnóna ach níor chuimhnigh sé ar thada. Maidin lá ar na bháireach tháinic mac Ríogh an Domhain Thoir ag iarraidh an inghean ba shine le pósadh agus fuair agus pósadh iad agus bhí bainis seacht n-oidhche agus seacht lá aca agus d'imthigheadar abhaile don Domhain Thoir. Lá ina dhiaidh tháinic mac Ríogh an Domhain Thiar ag iarraidh an darna inghean le posadh agus fuair. Pósadh iad agus bhí bainis seacht n-oidhche agus seacht lá aca freisin. Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinic mada ruaidh na coille glaise agus searbhóntaí leis. Sheas sé ag an ngeata agus tháinic an rí amach go dtí iad agus d'fhiafruigh
  5. Pósadh

    CBÉS 0134

    Page 124

    Bealoideas
    Pósadh
    Bíonn an tam la pósadh ann ins an mí na Feabhra. Bíd go leor daoir. ag pósadh ins an am fadó. Ní raibh aon chárr ann. Nuair a bhíodh daoine ag pósadh fado bhíodh go leo capall ag an bpósadh. Bhíodh na mrá ag marceidheach le na fearaibh ar na caplibh. An oidhche a bhíodh siad ag posadh bhíodh cleamhna mós ara. Tagann na clamhodoírí isteach agus tugann leann dubh doibh. Bíonn siad gléasta suas. Bíonn na cothan orta gunaí geala ortha agus lennte bána oraí. Sanam fadó nuair a bhíodh siad ag pósadh mhárbhochadh much agus caoirig
  6. Pósaithe

    CBÉS 0001

    Page 173

    seasamh leis an mnaoi a bhíodh ag pósadh, bheireadh sí a seail do'n mhnaoi a bhíodh le pósadh. Chuireadh an bhean a bhíodh ah seasamh léithe seail na mná le pósadh uirth. Tá an gnás seo ann fós. Bhíodh gnás eile acu nuair a thaghadh siad in séipéal bhriseadh duine cáca an chloigeann na mná nuadhphósta nó gloine ar an mballa.
  7. Na Trí Amadán

    CBÉS 0008

    Page 063

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí sí ag dul ag pósadh is tháinic an slaghdán uirthi.
    D'éirigh sí ar maidin agus bhí sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh a máthair di ceard bhí uirthi. Dubhairt sí go bé an slaghdán . Thosuigh an mháthair ag caoineadh ansin. Niorbh fhada gur éirigh an t-athair is d'fhiafruigh díobh céard bhí orthu. " Ó tá Máire tinn is ní fhéadfadh sí pósadh indiu". Thosaigh an t-athair ag caoineadh é fein. Is gearr go dtainic an fear bhí le pósadh agus chonaic sé an triúr ag caoineadh is d'fhiafruigh sé díobh céard bhí orthu.
    Dubhairt siad go raibh Máire tinn is nach bhféadfadh sí pósadh indiu. Ansin dubhairt sé nach bhféadfadh sé pósadh go deo go bhfeicfeadh sé trí amadán chomh mór leo. d'imthigh sé leis ar thóir na n-amadán agus sé an chéad duine a casadh leis ná fear a raibh a bhríste caite de aige.
  8. Scéal faoi Iníon na Baintrí

    CBÉS 0009

    Page 240

    pósadh le chéile iad agus bhí sí i n-a banríoghan uaid sin amach.
  9. Pósaithe

    CBÉS 0010

    Page 062

    Sé'n t-am de'n bhliadhain is mó a bhíos pósaidhthe ná san Inid. Bíonn go leor daoine ag pósadh ar Mháirt na h-Inide mar ní bhíonn cead aca pósadh sa gCarrghaos. Ní maith le aoinne pósadh Diardaoin ná Dia Sathairn. Tagann Diardaoin amháin uair gach seachtmhadh bliadhain agus níl fhios ag aoinne cé'n Diardaoin é. Má phósannn aoinne ar an Diardaoin sin beidh sé caillte roimh bliadhain. Diardaoin Dearg an t-ainm atá air.
    Seo é an chaoi a ndéantar cleamhnais: Tagann duine isteach agus iarrann sé an inghean ar na tuismightheoirí. Má bhíonn siad sásta tagann an fear agus beirty fhear eile chuig an teach agus bíonn ól aca. Tugann siad ól do mhuinntir an tighe agus déanann siad an cleamhnas agus socruigheann siad an lá a mbeidh an pósadh ann. Tugann na tuismightheoirí spré éicint do'n inghean. Is stoc nó airgead tugtar di de ghnáth ach is minic a thugtar talamh di freisin dá mbeadh an dá theach gar dó. Fadó phósadh an sagart sa teach a mbíodh na faoisdíní ann. Bhíodh an-spóirt ag na daoine nuair a bhíodh pósadh ann sa tsean-aimsir.
    Tá sé ráidhthe nach ceart éadach dearg a chaitheadh nuair a bhíos duine ag pósadh. Is éadach gorm is fearr ar fad. Má bhíonn corp i dTeach an Phobail bíonn an mí-áth ar aoinne a phósas an lá
  10. Pósaithe

    CBÉS 0020

    Page 0111

    Bhí spórt mór ag na daoine fadó nuair a phosad beirth ins an bparáiste. An céad dul síos ní raibh aon gluaisteáin aca agus bhí orra dul go dti an seipéil i gcapaillibh agus cháirt. Timcheall Máirt na h-Inidhe is mó a posadh na daoine. Ni raibh sé ceart dón cailin a theacht abhaile go dtí a teach féin ar féadh mí agus nuair a bhíodh an mí suas bhíodh spraoid mór aca. Nuair a bhíodh an buachaill nó an cailín ag imtheacht thugadh an athair no mo mháthair airgead no stoc nó uaireannta talamh mar spré.
    Bhíodh suas le deich capaillibh ag gach posadh agus na fir ag marcuigheacht. Bhíodh siad ar tosach an posadh agus iad ag rith chomh tapaidh is nach féidir iad a fheiceál agus an céad fear a tháínig go dtí teach an phosadh fuair sé buidéil d'uisge beatha dhó féin. Uaireannta lasadh na daoine teine ag taobh an bhothair nuair a bhíodh an posadh ag teacht.
    Lá amháin bhí posadh ins an bparáiste seo agus chuir na daoine nach raibh ag an bposadh bata mór ar gach taobh dén bothar agus chuir siad
  11. Seanscéal

    CBÉS 0032

    Page 0129

    Pósadh an bheirt aca agus mhair siad go socar ó shoin amach.
  12. Pósaithe

    CBÉS 0074

    Page 069

    dteach bhí an fear sin agus an chaillin le pósadh.
  13. Amhrán - An Ríaghallach

    CBÉS 0134

    Page 269

    taréis iad a pósadh baithead an fear.
  14. (no title)

    Bhí fear 'na chómhnuidhe i loch-dhá-bhall darb ainm Peadar a' Chraith...

    CBÉS 0280

    Page 370

    Seán a' Chraith ón Doirín í agus do pósadh í le sin.
  15. Scéal - Leidirín

    CBÉS 0419

    Page 561

    é gur pósadh é féin agus Leidirín agus do mhaireadar go sona sásta as san amach.
  16. (no title)

    Pósann na daoine timceall an ceanntair seo san inid.

    CBÉS 0646

    Page 334

    Pósann na daoine timceall an ceanntair seo san inid. Na laetheannta atá oireamhnach cun pósadh dar le na daoine iseadh Dia Domhnaigh, Dia Máirt, Diardaoin agus Dia Sathairn agus gach mhí ach Mí na Bealtaine. Déantair cleamhnaistí san ceanntar seo. Tugtar airgead mar spré. Bhíodh na daoine ag pósadh ins na tihthibh timceall nóca naoi bliadhanta ó shoin. Bíodh cóisire ag na daoiniabh a bhíodh ag pósadh.
  17. Scéal - Fionntán

    CBÉS 1054

    Page 128

    iarraidh air posadh ach ní phosadh an mac a b’óige dó. Ach thainig Fionntain fhad leis lá amháin agus dubhairt sé leis gó gcaithfeadh sé posadh. Dubhairt an feár-óg nach bposadh nó nach rabh gár ar bith do ann, dá mbeadh a n’duine cloinne a choidhche aige gó gcuirfeadh seisean chun báis, iad, agus nach rabh gar ar bith do san posadh.
    “Caithfidhe tú posadh” arsa Fionntain. Cia bith má bhí, posadh an feár og san deireadh. Bhí triúir mac ann agus chur an t’athar ar shiubhal iad uilig lé foghluim cholaiste a fhaghail agus lé na dtogail ar shiubhal. Shíl Fionntain nach rabh a nduine ariamh ann. Nuáir a bhí an (o-seionn 21 bliain) triúir, i thug an t’athar na bhaile iad agus núair a d’éirigh siad ar maidín agus d’fhiafruigh sé dobhtha caidé’n séort beathadhach a rinne ná cosainn sin fríd an chuibhreann. An oidhche roimhe sin sgaoil an t’athair amach sean bheathadhach bán bacach fríd an chuibhreann agus ní rabh aicí ach súil amhain agus ní rabh sé amuigh lé fáda roimhe seó. Dubhairt an chéad fhear gó dteárn seán bheathadhach bacach é. Dubhairt an dára feár gó dteárn, seán bheathadhach bán,
  18. (no title)

    Bhí fear ann uair amháin agus ní raibh bean ar bith aige...

    CBÉS 1054B

    Page 11_005

    go rachaidh sí go Méiricá sul a bfosadh sí é. Bhal arsa a mathair tá an fear seo an shaidbhreais. Agus bhí a mhathair é ag dtolamh a gabhail duithe é a posadh agus sa deireadh ghlac sí é. Agus cupla lá na dhiaidh sin posadh iad. Agus bhí banis mór aca an oidhche sin. Ach le rud eile a radh ní rabh siad bhfad posadh gur thoisigh siad ag troid eatorra fhéin. Ní rabh siad e bhfad
  19. (no title)

    Fad ó shoin nuair a bhíodh lanamhain le pósadh ...

    CBÉS 1066

    Page 14

    Fad o shoin nuair a biodh lanamhain lé pósadh ní siubhalfadh siad leó fhéin idir dáil agus pósadh ar eagla go mbuailfeadh na daoiní beaga bab orrtha.
  20. Pósaithe na Seanaimsire

    CBÉS 1091

    Page 269

    Chá phósann na daoine anois chósamhail leis an dóigh a pósadh siad ins an t-sean aimsear mar ins an am sin pósadh siad ins an oidhche. Sul a bpósadh an fear bhéadh aige fhéin agus fesr eile dhul amach ins an oidhche leis an bhean a chuartughadh agus bheireadh siad buideal uisge beatha leo/ Sul a bhfuigheadh siad an bhean, uaireanntaí bhíodh aca dhul go naoi nó deich dhtoighthe lé bean a fhaghailt. Indhiaidh sin bhiodh an cleainnas agus ni ndhiaidh sin pósadh siad.