Pósaithe
CBÉS 0074
Page 067
Aon duine a bhéas ag pósadh 'sé roimhe an inid a phósann sé. Deirtear gur laethannta mí-rathmhar chun pósadh, Dé Luain agus Dé h-Aoine. Deireann na sean daoine go bfuil sé mí-rathmhar posadh í mí Mheitheamh. Deirtear gur rud mí-rathmhar do na daoine dul chun Aifrinn an chéad Domhnach tár éis posadh. Deirtear nuair a theigeann na daoine atá tár éis posadh isteach ins an tighe an chéad duine a thagas amach 'sé an chéad duine a bheas marbh. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar posadh i mí Bealtaine. Uaireannta déantar cleamhnaisti ar fud na h-áite seo. Tugann siad éadach, beithidhigh, agus airgead do na daoine atá le pósadh. Deirtear go bhfuil sé mí-rathmhar do na daoine atá tár éis pósadh mathair