Text search

Filter results

Transcripts count: 4
  1. Fear Maith Siúil

    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Ghaothinn
    Informant
    Pádhraic Ó hArgadán
    Age
    40

    Bhí fear in a chómhnuidhe i Drumgriffín go dtugaidís Seán O Treamhal air. Lá dár thárla agus e ag deanamh a bhealaigh go Gaillimhh. Is gearr go dtáinig fear suas leis ar an mbóthar agus 'jaunting' cárr aige . Shíl Séan bocht go dtiubhradh an Tiománuidhe maruidheacht dhó acht níor tug. Núair a chuaidh tiománuidhe an chárr tairis bhain Séan a chasóg dhe agus tosuigh sé ag siubhal go mear agus bhí sé i nGaillimh i chun tosaigh ar fhear an cháirr.

  2. Áitainmneacha

    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó hÉidhin
    Informant
    Micheal Ó hÉidhin

    Drumgriffín an t-ainm atá ar mó bhaile fhéin. Fúair sé an t-ainm sín mar gheall ar cath a bhí ann fadó. Bhí cath mór in aiche na h-áite a bhfuil teach Máirtín O Caomhacháin anois. Ag an gcat bhí fear darbh ainmh Griffín ag búaladh an druma.
    Tughthar an " gairdín fadá" ar gorth atá imo bhaile fhéin, tugtar an t-ainm sín air mar tá sé an fhada agus caol. "Gort na Sighóga ainmh atá ar gort eile atá ann. Mar a dubhairth na sean dáoine go mbíodh na sidheóga lé feichéal ann san oidhche. " Gort a gheata" ainmh atá ar ghort eile atá in aiche linn. Tugtar an ainmh sin air, mar bhí gheata ag dhul isteach sa gorth sin.
    "Gort an Readacháin" an t-ainmh atá ar gorth atá againn féin. Bhí an gort sin ag fear darbh ainmh Readacháin, fadó, agus sin é an caoí a fúair an gorth sin a (h-ainmh) ainmh.

  3. Suim blíadanta oshoin bhí fear ina combuidhe i Drumgriffin agus seo é an t-ainm agus an seóladh a bhí aige.
    Pádhraic Sántach , Gort Gorm, Drumgriobhtha,
    Corrandulla, Co Na Gaillimhe
    Bhí Pádraic ina thoghadh oibridhe, ina thoghadh léimnigh, ina thoghadh fear ag caitheadh cloch-phúis, agus bhí sé i-ndon siúbhal go maith agus snámh go maith.
    Chúaidh Pádraic amach lá ag baint fhéir do fein. Bhí dhá acra aige lé na bhaint, agus dúbhairt sé lé a bhean go mbeadh aon acra bainte aige ar a dó dhéag, agus dúbhairt a bhean nach mbeadh. Thosuigh sé ag obair agus go díreach ar a dó dhéag bhí acra amháin bainte aige. Tar-éis

  4. Pláigh

    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó hÉidhin
    Informant
    Micheál Ó hÉidhin

    Bhí Pláigh ann sá mbliadhan 1919, agus sé an t-ainm a thugh na sean dáoine ar ná an "Chéarch".

    Caileadh na céadhtá de togha na ndáoine. An baile is gíora dom, bhí beirth acha caillté ann maidhin amháin. An t-athair, agus an mháthair, agus d'fhaghadar séiseár páisthí ina ndiaidh.
    Tá baile eilé agus "Creggdúff" an t-ainm atá ar. Bhí tríur caillté an maidhin céadná:- An Mháthair an sean Mháthair agus an páisthé. Cúireadh an Mháthair agus an páisthé in aon cónra amháin. Bhí na dáoine ag iontiú dubh chómh lúath is cailleadh iadh.

    Fúaireas iad só ó m-athair
    Micheál O h-Éidhin, Drumgriffín