The Schools’ Collection

This is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s. More information

Filter results

Results

320 results
  1. Scéal Beag agus Seanrann

    CBÉS 0420

    Page 524

    Bhí fear i mbaile Dhainín fadó go raibh inghean aige agus theastuig uaidh cleamhnas a dhéana
  2. Pósadh

    CBÉS 0462B

    Page 03_030

    atá ag baint le cleamhnas ná ma bhíonn máthair an duine a bhíonn gá phósadh sa cóisire, ní bheadh aon rath ar an mbeirt sin.
    Cleamhnas:- Is mar seo a deintear cleamhnas. Nuair a chloiseann fear go bhfuil inghean ion-phósta aige, go bhfuil fear eile ag chuimhneamh ar a fheirm fo thabhairt suas dá mhach, téigheann sé go tig an buachalla agus thosnuigheann sé ar an cleamhnas a dhéanamh. Téigheann siad go baile mór lá éigin agus sochruigheann siad ar an lá a póstar an bheirt.
  3. Conas a Deintí Cleamhnas Fadó

    CBÉS 0337

    Page 486

    An Domnach tar eís na Nodhlag Bheag a tosnuighean an Inid "Domnach féac suas" a tugtí ar an nDomhnach san fadó. Aon cailín a bíodh cun pósadh fadó bhíodh culaith nuadh uirthi an Domnach san agus taréis Aifrinn bhíodh sí ag siubhal tríd an pobal agus a mathair na diaidh aniar agus "Aibidh" aice aice a rádh. Dá dteipeadh uirthi cleamhnas a dheanamh an bliain sin sé an paidir a beadh ag a máthair an bliain na dhiaidh sín na "Críon Aibidh". Ní tógadh sé i bhfhad cleamhnas a deanamh an uair sin. Is minic a thosnuigheadh cleamhnas indiu agus gur posadh an lannma amáireac go h-airithe da mba Máirt Inid an lá amáireac. Ní bíodh aon margaí á scríobhadh an uair sin agus is minis a caitheadh lanamha go raibh an feirm fághalta aca amach cupla bliadhain na diaidh
  4. Pósaithe

    CBÉS 0090D

    Page 13_064

    Nuair a bhíonn lánamhna le pósadh déantar cleamhnas eanorra. i dteach ósta a ndéantar an cleamhnas agus a rinnear an tairgead. An oidhce sin bhíonn an bainis ann agus bíonn an fhéasta achu. Uaireannta bíonn na buachaillaí óga ann.
  5. Pósaithe

    CBÉS 0429

    Page 831

    Nuair a bhídtí cun cleamnais a dhéanamh fadó mór tímcheall na h-áite seo théigeadh muintir an cailín go dtí tig an bhuachalla istoidche agus thógaidís leó buidéal uisge beatha agus galún pórtair. Nuair a sroisidís an tig sé an céad rud a dheinidís ná an suipéir d'ithe. Tar éis an tsuipéar dólaidís cuid den phortair agus den uisge beatha. Is annsan a tarracóidís síos an cleamhnas is dá mbéadh gach aoinne sásta déanfaí an cleamhnas is bhíodh rinnce is ceóil aca go maidin. Shocaruighidís lá an phósta annsan agus
  6. Pósaithe

    CBÉS 0435

    Page 347

    Nuair a bhíodh cleamhnas le déanamh aca fadó théighidís go tig tabhairne agus bhídís ag cur rudaí tré na chéile, agus ag ól. Chaithfidís gach lá mar cin go dtí go mbíodh an cleamhnas
  7. Pósaithe

    CBÉS 0618C

    Page 08_011

    Nuair a bhíonn bhíonn, bean ag dul ar postadh gheibheann sí airgead mar spré deintear an cleamhnas ar dtúis. Nuair a bhíonn feirm mhór ag fear bhíonn céad go leith nó dhá céad púnt ag bteastail uaidh. Cuireann sé fear go tig an cailín chn an cleamhnas do dena dheanamh. Annsan má tá muinntear an cailín sásta téigheann siad ar aghaidh leis an gcleamhnas. Timcheall mí roimh an phósadh bhíonn an fear
  8. Seanphóstaí

    CBÉS 0647

    Page 95

    Sean-Phósdaí
    Bhíodh fear éigin i ngach ceanntar a mbhíod taithighe aige ar daoine a thabhairt le ceile cun cleamhnas no pósadh a dhéanamh eatorra. Saghas céirde ag daoine airighthe ba ead i seo.
    Chuireadh an duine seo aithne ar fear óg go mbíod feirm aige agus bean ag teastáil uaid, agus ar chailín óg éigin go mbíodh spréidh oireamhnach aicí. Theigeadh sé cun cainnte leis na seandaoine agus thugadh sé le na chéile iad. Sin mar a déantaoi an cleamhnas fadó, agus ba iad na seandaoine a dhéineadh é. Thugadh muintir an cailín spréidh do mhuinthir an bhuachalla agus geibheadh an buacaill an feirm agus an cailín mar mnaoi. Ba minic na bíod áit ag an mbhuachaill 'ná ag an gcailín ar a chéile go mbíodh an cleamhnas socrair eatorra.
    Dar ndóig bhíodh daoine bochta gan talamh, gan spréidh ann agus dhéinidís siud Cleamhnas eathorra
  9. Pósaithe

    CBÉS 0067

    Page 202

    Sé an Inid an t-am de'n bhlíadain is mó a phosann na daoine san áit seo. Dia Luain agus Daurdaoin na laetheannta is mo a phósann siad. Deir na sean-daoine an Luain soir agus Máirt siar agus Diardaoin sonaigh soir no siar.
    Déantar go leór cleamhnasaí agus tugtar spré do'n cailín óg tugtar beithidhig, nó caoirig, no airgad ins an spré. Uaireannta bíonn an fear ag iarrad cuid maith spré leis an g-cailín agus nuair nach bhfuigheann sé é ní bhíonn sé sásta agus briseann siad an cleamhnas.
    Nuair a bhíons fear ag iarr cailín agus ag déanamh cleamhnas tugann sé buidéal poitín leis agus tugann sé gloinne go fear an tighe agus do na daoine eile. Nuair a bhíons siad bogtha aige farran sé an cailín agus tostuigheann siad ag déanamh cleamhnas. Má gheobhainn sé í pósann an fear agus an
  10. Cleamhnaistí agus Póstaí

    CBÉS 0394

    Page 120

    Pósann daóine gach mí de'n bhlían acht amháin mí Bealtaine agus ar feadh an Carghaois. Deirtear nár cheart do phósadh ar Dia Lúain, Dia Chéadaoin ná Dia h-Aoine. Acht deirtear gur rathmhar do pósadh i mí an Meithimh nó ar Dia Máirt nó ar Diardaoin nó ar Dia Satharn. Deintear cleamhnas idir an mbeirt abhíonn cun póadh. Úaireannta isé duine des na comharsanaibh a dheineann an cleamhnas. Acht de ghnáth isé athair nó máthair na mná a dheineann an cleamhnas.
    Is airgead a tugtar don bhean mar spré acht dá mba rud é ná beadh aon driothár aiche gheóbhadh an bhean an fheirm ar coinghioll go mbeadh cead ag an athair agus an mháthair cómhnuidhee leó ins an bhfeirm. Deirtear nár ceart don beirt dul go dtí an Eaglais ins an ngluaistéan chéadhna ná aón duine de'n bheirt an duine abhíonn síad cun pósadh d'feisgint ar an maidin
  11. Pósaithe

    CBÉS 0471

    Page 091

    Pósann daoine san áit seo san inid de gnáth. Pósann mórán cúpla ar Mháirt na hInide. Pósann daoine tar éís na Cásca leis acht ní phósann síad sa Chairghéas, nó i mí Lughnasa, nó i mí na Nodlag. Ní maith leis na daoine a bheith pósta acht ar Dia Máirt, Diardaoin nó Dia Satharn. Má bhíonn an cleamhnas déanta san inid is mí rathmhar an pósadh do chuir thar nais go dtí am éigin eile. Deintear cleamhnaisí san áit seo fós, Tá daoine sa pharóiste agus táid ana rathmhar cun cleamhnas do dhéanamh agus tá daoine eile ann agus ní raibh aon rath ríamh ar aon chleamhmnas do chuireadar a lámh ann. Tugtar airgead, ba, agus caoirig mar spré.
    Seo mar a deantar an cleamhnas. Téígheann an STÓCACH ó an gcailín go dtí tig an bhuachalla le SGÉAL AN CHLEAMHNAIS. Siubhlann an stócach timcheall na feirme, agus féachann sé na buaibh, ar an gcapall, ar na caorachaibh, agus ar na tightibh go léir - cró na mbó, an stábla, an sgioból agus an tig-féir.

    (Deirtear ná bíonn rath ar chleamhnas a dheineann bean nó sagart)
  12. Brún - Tiarna Shligigh

    CBÉS 0138

    Page 224

    i gCo. Ciarraidhe.
    Bhí cleamhnas aca le Mac Uilliam Íochtar agus Uachtar (?) áit ar phós duine inghean le Iarla Clann Riocaird. Bhí cleamhnas aca freisin le Gráinne Ní Mháille 'san áit ar phós Riocard an Iarainn a h-ingan (?)
  13. Féilí na Bliana

    CBÉS 0280

    Page 429

    cleamhnas briste,” mar a bfagadh-sa an bó agus bheirim se im diabhall go raibh sé pósta coigchidheas id san.
  14. Conas a Deintí Cleamhnas Fadó

    CBÉS 0337

    Page 489

    agus bíodh morán aca ann an uair sin gur bé a gnó beith ag deanamh cleamhnas. Daoine abeadh iad go raibh dúil san ól aca agus é fhághail gan pioc. Nuair a bhiodh an an cleamhnas déanta teideadh an t-ógánach agus triúr nó ceathrar dá muintir go tig an cailín óig oichche agus bhíodh feasta beag aca ann go dtí a deich a chlog nó mar sin.
    "Ag ithe an ganndail" a bídís a deintí.
  15. Pósaithe

    CBÉS 0076

    Page 461

    Goideadh na fir na mná fado agus phósaidís iad.
    Bíonn smuit ar na cailiní an chéád Domhnach de'n Chargus nuair nár phós siad. Do b'e an chaoi a deinti cleamhnas fado nuair a bhíodh na páistí an-óg, agus nuair a d'fhásadh siad suas chuireadh a muintir ialach ortha pósadh. Rinneadh cleamhnas i Rosmuc fadó nuair a bhí na páistí óg agus nuair a d'fhás siad suas níor phós siad, agus ní leigfeadh a muintir dóibh aon duine eile a phósadh.
    Nuair a phósadh daoine fadó ní téighidís chuig an Aifreann an chéad Dómhnach tar éis pósta dóibh. Téíghidís amach annsin an Domhnach in a dhiaidh sin agus bhíodh an-lá acu. Sé an t-ainm a thugaidís ar an lá sin lá an Eirghe Amach.
    Deirtear má phósann daoine i Mí Meadhon-Foghmhair nach mbeidh an t-ádh ortha.
    Bhíodh cleamhnaisí acu tamall ó shoin acht níl siad acu anois ach cor-uair. Nuair a chluineadh fear go raibh bean óg i n-áit éigin agus go leor airgead aici, chuiradh sé fear a raibh aithne aige uirthi go dtí í agus dheinidís cleamhnas. Chaithfeadh an bhean suim áirighthe airgid a bheadh aici sul a bpósfadh an fear í.
  16. An Rí Dothíosach

    CBÉS 0335

    Page 698

    buachaill abhaile gach aon bliain agus do thabharfhadh an ríg próca óir do.
    Nuair a bhí na ceithre bliain caitte dúbhairt Conchúbhar leó go ndeánfhadh sé cleamhnas do Pádruig agus do dhein leis deirim-se leat é.
    Nuair a bhí an cleamhnas deanta níor thaithn sé leis an ríg in aon chor agus do briseadh é leis.
    Ansan d'imtig bliain eile agus do deinead cleamhnas eile airís do Pádruig ach má dhein féin níor thaithn sé le Pádruig, agus ansan ní raibh san ceart in-aon-chor airís.
    Ní raibh Pádruig sásta in-aon-chor ansan. Ansan bhí gach rud tré na chéile agus ní raibh a fios acu cad a tiocfhadh as.
    Bhí gach duine ag cuineamh is ag cuineamh ar cad a dheanaidís ac ní raibh aon maith aon mhaith dóibh ann in-aon-chor.
  17. Pósaithe

    CBÉS 0096

    Page 167

    feoil aca an oidhche seo.
    Nuair a bhíonn fear ó gag pósadh gheobhann se cárta uisge beatha agus tugann sé do bheirt fhear é. Téigheann an bheirt fhear go dtí teach an chailín óig agus iarrann an cailín ó gar a h-athair agus a máthair. I gcionn cúpla lá gheibheann siad scéala go bhfuil siad réidh le cleamhnas a dhéanamh nó mar a mbíonn siad sasta cuireann siad scéala chuige gá eitheach. Annsin má bhíonn siad sasta teigheann gaolta an fhir óig agus gaolta an chailín le cheile agus imeasg óil agus ithe deanann siad cleamhnas. Mara mbíonn spré ag an gcailín óg gheobhann sí talamh no earraidhe éigin eile. Go h-iondamhail gheobhann ba agus airgead. Tar éis a bpósta bíonn bainfheis aca i detach an fhir óig nó i dteach an chailin óig. Más i detach an chailín a bhíonn an bhainfheas ní théigheann sí abhaile go ceann míosa no má théigheann deirtear nach mbéas an lánamhain mí rathamar. I ndheireadh na míosa bíonn bainfhéis beag eile aca. Go h-iondamhail ní tugtar an spre don fhear óg go mbíonn an
  18. Pósanna

    CBÉS 0133

    Page 090

    Má tá beirt a dul a posadh bíonn an posadh ann roimh Cairigis agus ní bhionn posadh ar bith in dhiaidh mart na hinide. Deirtear annseo gur é Dia hAoine an lá is fearr chun posadh a dhéanamh.
    Má tá fear a lorg mna ní théigheann sé féin go teac an cailin ar chor ar bith acht cuireann sé beirt fhear eile cun an cleamhnas a dhéanamh. Bionn buidéal uisge beatha leo. Óltar é fhaid is a bhionns an cleamhnas 'gá dhéanamh aca. Faoi an spre a bhionns an cainnt ar fad airgead má tá sé le fághail agus muna mbeadh an meid "stoc" beithidhigh ata a gabhail leithi.
    Tá nos ar fud na háite seo go foill go dtéigheann na clamairi go dti an bainneas gan cuireadh gan iarraidh agus ar an adbhar sin chuireann sean gioblacha agus
  19. Mar a Fuair Peaidí Phádraig a Bhean

    CBÉS 0275

    Page 106

    Ní raibh sé ach istig san iothluinn nuair a thug sé fé ndeara an rud árd bán cómhgarach do'n choca. "Spioraid!" an chéad fhocal a rith isteach 'na aigne. Cé go raibh braon maith istigh aige bhí sé díreach ar tí casadh chun reatha nuair a labhair an "rud bán".
    "A Dhomhnaill", d'airig Dómhnaill "A Dhómhnaill a mhic, ná bíodh eagla ort. Mise t'athair. Cogar annso, tá cleamhnas 'á dhéanamh agaibh istig le Micín. Ná tabhair Cáit do Mhicín; tabhair do Pheaidí Phádruig í."
    Isteach le Dómhnall go tapaidh a deirim leat, agus briseadh an cleamhnas láitreach bonn [?]. Abhaile le Micín bocht go buartha
  20. An tÓglach Mór

    CBÉS 0425

    Page 323

    Bhí beirt rí ann fadó sa tsean -aimsir. Bhíodar an-mhór le n-a chéile. Bhí mac ag duine acu agus sé an ainm a bhí air ná Gruagach Fionn an Óir. Bhí inghean ag an rí eile agus dheineadar cleamhnas le chéile. Nuair do bhí an cleamhnas déanta acu bhí draoidheacht agus diablaidheacht ag athair an chailín óig is ní raibh ag athair an fhir óig. Bhí an draoidheacht ag Gruagach Fionn an Óir leis. Do tháinig athair an chailín óig agus chuir sé ar oileán eile tamaill fada ó bhaile iad agus thug sé ríoghacht eile dóibh. Bhain sé an ceann d'athair an Ghruagaigh agus bhí an dá ríoghacht aige féin annsan.
    Bhí an bainrioghan ingiorracht do leanbh a bheith aice agus níor mharbh sé í uime sin. Chuir sé amach tamall mór ó'n gcúirt í i mbothán bhocht. Rugadh an leanbh igcionn tamaill, agus bhí sí ag tabhairt aire do'n leanbh fé mar fhéad sí. Bhí truagh ag an rí di agus chuir sé adhbhairín bídh di. Bhí sé ag cur bídh chúiche go dtí go raibh an leanbh ag éirighe suas 'na fear. Bhí sé ag fás is ní raibh aon fhocal cainnte aige, agus má bhí ní labharfadh sé le n-a mháthair. Bhí sé ag fás go raibh faid an bhotháin ann. Bhí sé ocht mbliadhna déag