The Schools’ Collection

This is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s. More information

Filter results

Results

55 results
  1. Mo Cheantar Féin

    CBÉS 0571

    Page 342

    Caisleán Nua is ainm dom áit chómhnuidhthe. Cúig tighthe deug atá ann acht ní raibh an iomad sin ann fadó. Slinne 'seadh iad go léir. Do baisteadh an ainm sin air mar do tógadh caisleán ann uair. Tá fothrach an tsean-caisleán sin le feiscint fós. Tá cúigear ann ós cionn seactmhadh bhliain. Pearse Mulcahy, Newcastle, Clonmel. Bríd Ní Maolchathaigh, Caisleán Nua. Bean Úi Shortiss, Caisleán Nua, Cluain Meala. James Greeney, Newcastle, Clonmel. Lar Hogan, Newcastle, Clonmel.
    Tá Gaedhilg ag an gcuid is mó aca acht níl siad go ró mhaith chun scealta d'innsint. Do théigheadh mórán daoine go America ó Caisleán Nua timcheall trí bhliana ó shoin.
  2. Bóithre Mo Cheantair

    CBÉS 0571

    Page 349

    Tá bóthar ag rith ó Caisleán Nua go Cnoc Loftaige agus as san go dtí Cluain Meala. Nuair a beadh tú ag teacht ar an mbóthar timceall dhá mhíle ó Caisleán Nua tá fallaí árda ar gach taobh de ar feadh leath míle de'n bhóthar. Nuair a bhí an gorta ann sa bhlian 1847 do gearread iad cun obair a tabhairt do na daoine mar bhí siad ag fághail bháis leis an ocrais. D'itheadar "yellow meal porriage" agus d'itheadar arán a bhí déanta as min.
  3. Na Capaill

    CBÉS 0656

    Page 292

    Bhí dháth éisc air, agus ba é an capall oibre ab fhearr sa dúithche é.
    Bhí feirmeoir saidhbhir in a chómhnuidhe in aice le Caisleán Nua tamall ó shoin agus do choimeádadh sé capaill Ráis agus capaill fiadhaigh,
    Aon lá amháin do thárla gur thuit capall ráís tinn agus ní bhfuair na dochtúirí é a leigheas. Bhí fear in a chómhnuidhe in aice le Caisleán Nua a leighiseadh ainmhidhte le draoidheacht, agus do chuaidh an buachaill oibre go dtí an fear seo lá leis an gcapall.
    Bhí an capall chómh tinn agus chómh -lag gur bheag nách gur thuit sé ar an mbóthair ag dul go dtí Caisleán Nua.
    Nuair a shrois an tigh cuir an fear isteach sa stábla é, do chuaidh sé fé a bholg, do thóg sé amach a scian agus do chuir sé gearradh treasna ar a bholg go dtáinig an fuil.
    Annsan do dhein sé cómhair na Croise ar a bholg leis an fuil agus dubhairt sé paidir nó rann eigin i ngaedilg i gcionn cúpla nóimeat bhí an capall cómh bhríoghmhar agus a bhí sé riamh agus do rith sé abhaile cómh mear leis an ngaoith.
  4. Cistí Óir i bhFolach

    CBÉS 0571

    Page 313

    Cistí óir i bhfolach.
    De réir an tsheancais tá ór i bhfolach sa tseana caisleán i gCaisleán Nua. Is é duine de clann Prendergast a chuir ann é mar fuair sé amach go raibh ropairí ag teacht chun an caisleán do réabadh. Annsan d'fhiafruigh sé de ceann da fir aimsire aire a thabhairt go deó don ór. Díreach nuair a bhí an geallamhaint tughtha aige do mharbhuigh Prendergast é. Acht mar si féin níor bhris an fhear a fhocal agus ón lá sin amach bhí a sprid ag tabhairt aire don ór. Is minic a chonnaic muinntir na h-áite seo an sprid agus é gléasta i báinín agus hata árd agus madra mór bán in-aice leis.
    Deirtear go bhfuil ór i dtaisce leis i Gheann Sileáin leath slighe ider Caisleán Nua agus Mellery. Oidhche amháin chuaidh beirt fear á lorgadh acht tar éis bheith ag romhar timcheall trí uaire ní fuaireadar
  5. Mo Cheantar Féin

    CBÉS 0571

    Page 341

    Mullach is ainm don bhaile in a cómhnuighím. Tá ocht dtighthe ann agus tá slinn ar gach ceann acu. 'Sé an fáth gur tugadh an ainm sin air an áit ná gur chuir na manaigh ag a raibh mainistir san áit sin fadó mallacht ar an áit. Tá beirt duine ann ós cionn seachtmhadh bliana d'aois. Seo iad. Séamus de bPuitléir, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala. Liam Uí Muirgheasa, Mullach, Caisleán Nua, Cluain Meala.
    Tá cúpla sean fhothracha tighe ann agus leagadh cúpla cinn ann le deannaighe. Níor chuaidh mórán ón áit go dtí America. Talamh aoileach atá innti agus níl acht timcheall trí acra (de) coilltibh. Tá loch beag ann ar a dtuigtar Loch na Gréine. Ritheann an tSiúir tré Mullach. Deirtear go raibh mná riaghalta ar cuaird sa mainistir an lá gur dóigh Muiris De Prendergast é. Nuair a chonnacadar na saighidiúirí ag teacht theicheadar agus do deineadh casan tirm dóibh treasna na h-abhann. Níor fheaca aoinne ó shoin iad.
  6. Dún na Móire

    CBÉS 0080

    Page 073

    Dá réir sgéil sí Mór Ní Mhananáin (Inghean Mhananáin Mhic Lir) a thóg an chéad dún ins an áit so. Tá an fhuirm "Dún na Móire" i m-béul na sean daoine i g-comhnaidhe. Sin cruthunas go bhfuil an sean sgéal fíor dar liom.

    Annsin tháinig "Haiste" - laoch calma as an mBreatain Bhig agus thosuigh sé ag tógáil caisleáin in aice Dún-na-Móire. Ach "ní mar síltear bitear" ní raibh "Mór" sásta leis sin agus leagadh sise ins an oidhche an mheid a thóigeadh Haiste agus a chuid fear í rith an lae. Leanadh an obair so ar feadh cúpla seachtmhaine agus annsin chuaidh Haiste chuig "Dall Glic" eicint leis nach raibh Mór Ní Mananáin sásta leis in aon cor; nár thaithnigh leithi caisleán nua a thógáil in aice a dúin féin; ach go dtuibradh sí cead dó a chaisleán a thógáil ós cionn a dúin féin. Ghlac Haiste leis an gcomhairle so agus thóg sé an caisleán ar bharr an Dúin. Do thóg Mór agus níor chuir Mór isteach air. Bean Uimhreach a bhí innti agus bhí bród agus riméad an domhain uirri an Caisleán breagh árd a fheiceál mar leacht chuimneacáin d-ithe fhéin.
    Ní raibh Haiste ró fhada ins an gcaisleán nua nuair a tháinig Mac Feorais agus arm laidir leis agud d'ionnsaigh sé an caisleán. Bhí troid fhuiilteach eatorra ach ins an ndeireadh bhí an
  7. Caisleán Tigh Cinn Chora

    CBÉS 0568

    Page 173

    Brigidh Ní Cróinín
    Baile Nua-AnFhobhrac
    Cluainmeala

    caisleán Tigh-Cinn Cor suidhte ar bhruac na Siúire i gConntae Phuirt Láirge. Do thóg muinntir Osborn é fadó. Bhíodar in-a gcomhnuidhe i gcaisleán Sléidhigh agus d'fágadar é agus cuadhear go dtí caisleán Tigh-Cinn Cor. Nuair a bhíodh tuille san abainn thagadh an t-uisce isteach ins an gcaisleán agus bhíod sé tais agus sin é an fáth gur fhágadar é.
    Tar-éis tamaill do cheannuig Tomás Osborn talamh i mBaile Nua AnFhobhrach ann. Ann san do thóg sé drocead treasna na Siúire mar bhíodh sé a dul ó Bhaile Nua AnFobrac go dtí a cuid talmhan i gConntae Puirt Láirge. Tugtar Drocheadh an Ridire Tomás ar an droichead agus tógadh é sa bhlían sé céud déag agus naochadh.
  8. Áitainmneacha

    CBÉS 0571

    Page 309

    Loch Liach:-
    Í so i mBaile Glas, Caisleán Nua. Sórt tighe beag iseadh é seo, déanta as carraig í. Tá tobar taobh istigh de act is annamh a théigheann daoine ann cun uisge d'fhághail mar is deachair dul gairid do sa Samhradh toisc go bhfásann féar árd agus fiadhaile agus raithnigh timcheall air. Toisc go bhfuil sé in aice abha na Siúire bíonn tuille mór mór thimcheall an tobar seo sa nGeimhreadh. Uair amháin do dhein duine iarracht cun an tobar seo do shalú. Do shalaig sé é agus nuair a chuaidh bean ann chun uisce d'fhághail ní raibh deoch uisce le faghail. Do glan sí é agus do las sí coinneal beannuighthe taobh istigh de agus an maidin 'na dhiaidh sin bhí an t-uisce istigh sa dobar arís.
    Baile na Móna:-
    Cúpla míle ó Caisleán nua atá an áit seo. Is dóigh liom go raibh móin le fághail san áit seo uair.
  9. Áitainmneacha

    CBÉS 0571

    Page 297

    Áit-ainmneacha.
    Caisleán Nua:-
    Gráig Mhuire an tsean ainm a bhí ar an sráid bhaile seo. Tá fothrach shean-chaisleáin ann fós. Be le muinntir Prendergast é fadó. Tháinig Muiris De Prendergast go hÉirinn leis na Normánaig sa bhlian 1170 agus chuir a chlann fútha ins an áit seo. Daoine maithe ab eadh iad. Thógadar mainistir dos na manaigh thall i Mullach. Lá amháin d'eirig argóint idir duine do mhuinntir Prendergast agus an manach. Do mhasluig an manach an taoiseach agus annsan chuir muinntir De Prendergast an mhainistir tré theine.
    Nuair a chonnaic na manaig an mhainistir á dhogadh chuireadar mallacht ar mhuinntir De Prendergast. Ó'n lá sin amach bhí an mí-ádh leó. Fuaradar bás na nduine is na nduine agus níl aoine acha beó anois. Níl ach na sean-fallaí 'na seasamh san tsráide.
    Bóthar na nGall:-
    Tá an boithrín san gairid don sráid bhaile Caisleán Nua agus is fuirist d'fheiscint connus
  10. Áitainmneacha

    CBÉS 0571

    Page 299

    scríobhnóireacht an lá indiu.
    Poll an Chapaill:-
    Timcheall leath-míle ar an taobh theas de Caisleán Nua atá an Poll so. Dó báthadh capaill ann fadó agus sin é an fáth go cuireadh "Poll an Chapaill" air.
    Cúl na Gréine:-
    Sin ainm m'áit cómhnuidhe. Toisc go dtaithnigheann an ghrian ar chúl na dtighthe i gcómhnuidhe cuirtear an tainm so ar an áit.
    Nuair a bhí Crombhail ag dul ó Chluain Meala to dtí Eochaill tháinig sé tré Caisleán Nua. Maidin Domhnaigh a b'eadh é agus bhí na daoine go léir istigh sa seipéal ag éisteacht Aifreann. Chuir Crombhuil na dóirse fé ghlas agus chuir sé an séipéal tré theine. Do dóigheadh gach cinne istigh ach aon bhuachaill beag amháin a d'éaluig amach tríd an bhfuinneóig. Ní raibh fhios ag einne cé ar leis é agus ghlaodhadar an ainm "burn" air. Do shíolruigh muinntir Byrne ón mbuachaill sin.
  11. An Chéad Chairt

    CBÉS 0027

    Page 0321

    igCnoc Meadha. "Caisleán Aicéad mé fhéin", arsa guth ibhfoghus dó. "Caisleán Aicéad mé fein" arsa Beairtle agus tháinic alltacht ar a raibh Baile iSráid an Tighe Móir nuair a connaic siad a thárla 'na dhiadh so. Sguaibeadh Beairtle, cairt a's ceangail chun siubhail agus stad ná comhnuidhe ní dhearna an chairt is mo dhuine gur sroich sé Caisleán Aicéad agus tuirling díreach idir na crainn a bhí leagtha amach aige a ghearradh. Sgaoil sé é féin annsin is ba ríméadach an mac é ag dul síos taobh an cnuic agus an chairt aige. Cuireadh na daoine a bhí ag baint fraoich ar thaoibh an chnuic fórán air ó am go h-am. D'fheach siad is diniúch siad an tIonghantas Nua. mar tugadar air Focal níor
  12. Seanliosanna

    CBÉS 0476

    Page 439

    an pháirc 'na raibh sé, na clocha cun tighe nua do thógaint agus ní túisge a bhíodhar 'na gcomhnaí ins an dtig ná go dtáinig Plaígh nó breoidhteacht eigin ortha agus do cailleadh iad ina nduine 's 'na nduine.
    Sé an ainm a glaodhtar ortha ná liosanna agus rathanna, acht glaodtar dúin ar na caisleáin ar nós Caislean Baile Cairbre agus an ceann ag Cathair na Steíge. Deir na sean-daoine gur máthair agus a mac a thóg é seo in aon oidhce amháin.
  13. Giant

    CBÉS 0495

    Page 072

    (drawing on page)
    Scoil an Curtainaig, Caislean Nua, Co. Luimnigh
  14. A Tramp

    CBÉS 0495

    Page 073

    (drawing of "A Tramp" on page)
    Scoil an Curtainaig, Caislean Nua, Co. Luimnigh
  15. Mo Cheantar Féin

    CBÉS 0571

    Page 343

    Chómhnuighim i bhFraochán i mBarúntacht Iffa agus Offa thiar. Tá cuig tighthe chómhnuighthe i bhFraochán. Bhí níos mó tighthe ann fadó. Tá dian cinn slinne ar trí cinn díobh agus dian cinn tuighe ar ceann eile. Tá leath de'n tigh eile clúduighthe de slinn agus an leath eile clúduighthe de tuighe. Do bhaistigh an ainm Fraochán ar an áit seo mar bhíodh fraoch go flúirseac ann fadó. Níl ann acht aon duine amháin ós cionn seactmadh bliadhain d'aois. Seo i a h-ainm agus a seóladh:- Bean I hAicéad, Fraochán, Caisleán Nua, Cluain Meala. Tá beagán Gaedhilig aici. Tá ceithre fhothrach sean tighthe chómhnuighthe im áit cómhnuighthe. Ba gnáthadh le móran daoine dul go hAmerica ón áit sin fadó. Talamh maith agus cré dearg atá ann. Níl aon cuid de Fraochán fé coill. Ritheann an Tárr tré. Níl aon locha móra ann acht locha beag nach bhfuil aon ainmneacha ortha.
  16. Scéal fá Ridire an Gaiscígh

    CBÉS 0031

    Page 0192

    cabhlach. An áit a dtáinic an chéad long as Éirinn ariamh. Ní baoghal so ghaoith dá bualadh na grian dá sgoilteadh ná sruthán slíochadh go dtug sé feiste go ceann lá is bliadhan uirthí cuir i gcás go bféidir nach mbeadh sí ann ach go ceann uair a chlog. Chuaidh sé amach agus bhuail sé an cuaille curach an chránn úl ag lúbadh, an chrann críon ag pléasgadh bun sean chaisleán ag teiteamh, agus an caisleán nua ag creathadh. Níor fhág sé úan i gcaod laogh i mbó, na mionan i ngabhar, ná banbh i muc, gur bhain sé laogh mór dubh as an tsean bhó dhruimeannach nár rug aon laogh le deich mbliadhn roimhe sin, le fuaim is le spreacadh a buille agus ní bhfuair sé freafra ó dhuine ar bith. Dubhairt sé leis féin go suibhlach sé píosa de'n oileán. Ní fada go bhfaca sé go leór daoine i lár páirce chás ban leis agus í ag teacht ó'n bpáirc agus d'fhiafruigh sé dhí cé'n bailuighadh a bhí annsin.
    D'fhiafruigh sé dhó ar as an aer a thuit sé nó as an talamh a d'éirigh sé. Dubhairt sé nach eadh agus ó'n bhfairrge a tháinic sé. Dúirt sí g raibh "lady" ag fanacht leis an bhfatach mór go dtuibhradh sé
  17. Gobán Saor

    CBÉS 0060

    Page 0171

    Dubhairt Gobán leis indu a dhul agus an bhean sin a phósa mar badh i inghin féin í, agus phós annsin chuireadh fios ar Gobán in áit eilint a raibh Caislean Nua dá dhéanamh agus thug sé leis amach, agus d'iarr sé ar an mach an bóthar a giorrtú. Thosuigh sé a rith gabh abhaile arsa Gobán leis. Chuir sé abaile mé deir sé. Nuair a thosa mé giorradh an bóthair. Má atruigheann seamáireach é deir inghin Ghobáin innis sgéal bréagh dhó amsireacarist. D 'iarr sé air an bothar a sioradh a dinnis sé sgéal dó. Bhí lucht an Caisleain a dul cuigh a ndinnéar nuair a tháinig na Gobáin. Céard a bhéas muide adeara go dtaga sibh arsa Gobán dean Cat is dá drioball más maith leat é adeir siad ag masadh faoi, agus nuair a dfill siad bhí cat is dhá drioball déanta as Gobán dhé chloch mór, agus nuair a bhí an Caisleán ingar a bheith criochnuighthe d'iafruig siad dhe Gobán a raibh caislean ar bith eile déanta chomh maith leis Well ní bheadh ar seisean a mbeadh trí bháll ata sa mbaile anseo agamsa gus ní leighfead siad mach Ghobáin abhaile dha riarra. Séard a bhí fúthabh a dheans Gobán a mharbhú i Riocht is nach mbeadh Caislean ar bith comh bréag leis. Cé an tainm atá orra a deir siad agus rachaidh duine againn féin na gcoinne. Cá deir sé corr in aghaidh an choir cám in aghaidh an cáim agus coinigh air. Nuair a d'iarr mo dhuine iad sin ar inghin Gobáin
  18. (no title)

    Tuairm's céad go leith no dhá chéad bliadhain ó shoin, do chomnuigh tighearna talmhán thíos ar an gCnoc Bán....

    CBÉS 0064

    Page 124

    Tuairm's céad go leith no dhá chéad bliadhain o shoin, do chomnuigh tighearna talmhan thíos ar an gCnoc bán atá tuairims míle ó scoil (an) Bhaile Nua fear dona a bhí ánn, agus ní raibh tada ag deanamh imnidhe dhó ach tuille talmhan.
    San am céadhna bhí dream eile de muinntir o h-Allmhuráin ina gcómhnaidhe ar Oileán an Caisleán atá ar loch an Chnuic Bháin. Bhí muinntir o h-Allmhuráin an bocht cé go raibh duithche talmhan acú. Ní raibh ina chómhnaidhe ar an oileán ach an Sagart O h-Allmhuráin agus a dhriotháir.
    Lá amháin chuaidh an driotháir chómh fada leis an Tighearna talmhan agus d'iarr sé iasacht airgid air, agus go mbeadh sé lé'n íoc aige ar a leithidhe seo de lá, ag an dó-dhéag a chlog. Dubhairt an tighearna talmhan go dtúbharfadh, ach go gcaithfheadh o h-Allmhurán a dhúithche a chur i mbannaibh leis. Bhí o h-Allmhuráin sásta leis sin a dhéanamh. Anois fear glic, drochmhúinte, a bhí sa tighearna talmhan, agus níor theastaigh uaidh acht greim a fhágail
  19. Scéal

    CBÉS 0083

    Page 206

    Tá áit ar a dtugtar Croc-a-thochaill i bParáiste Caisleán Nua. Deirtear go mbíonn amharc aisteach le feiceál ann gach oidhche timcheall dó dhéag a chlog. Chonnaic a lán daoine é agus chonnaic an fear a d'innis an sgéal seo dhom é. Bhí sé féin agus cúpla fir eile ag teacht abhaile oidhche amháin. Do chaitheadar an oidhche roimhe sin ag imirt cártaí agus bhí sé timcheall trí a chlog ar maidin nuair a bhí siad ag teacht abhaile. Nuair a tháinic siad i ngar do Chroc-a-thochaill chonnaic siad an amharc is aistighthe a chonnauceadar ina saoghal ariamh. Ins an bpáirc atá leath-taobh an bhóthair chonnaiceadar sluagh mór cait agus iad ag rith go tapaidh cosamhail le capaill ag sodair. Do sheas siad ar an mbóthar agus niorbh'fhéidir leo foacl a radh acht ag féachaint ar na cait ag teacht. Nuair a tháinic na cait go dtí an balla a bhí ar taobh an bhóthair d'eirigh siad san aer agus leigeadar uile go léar "me-ow" brónach fada agus tháinic ar thalamh arís san bpáirc a bhí ar thaobh eile an bhóthair. Nuair a tháiniceadar ar thalamh thosuigheadar ag rith ceann in dhiaidh ceann go dtí tobar beag a raibh istigh san bpáirc. Nuair a tháiniceadar go dtí an tobar thosuigheadar in a thimcheall agus d'fan siad ag rith agus ag rith agus faoi dheire d'imthigh na fir ar a mbealach abhaile agus eagla mór ar fach duine aca. Deireann na daoine timcheall na h-áite go gcasann trí feilme móra ag an tobar agus gur dhubhairt gach feilméar gur leis féin an tobar agus bhí troid eatorra. Thug duine aca airm mór leis agus nuair a bhí sé ag siubhal ar Croc-a thochaill do chuir draoidh eicínt a bhí in a chomhnuidhe san áit
  20. An Cóiste Bodhar

    CBÉS 0083

    Page 207

    Bhí clann darbh ainm Ó’Ceallach in a gcomhnuidhe i bparáiste Caisleán Nua. Pósadh an t-athair nuair a bhí sé an-óg agus bhí mac amháin aige darbh ainm Miceál. Nuair a bhí Miceál timcheall ocht mbliain d’aois fuair a mháthair bás agus tar éis sin bhí bean eile ag tabhairt aire air. Bhí grádh mór ag an mnaoi do Miceál agus rúd ar bith a n-iarrfadh sé dí tugadh dhó é. Do bhíodh sí i gcomhnuidhe ag innsint sgéalta dhó agus uair amháin d’innis sí sgéal faoin Cóiste bodhar dhó. D’innis sí dhó go bhfaca a lán daoine an Cóiste bodhar taobh amuigh d’á theach féin nuair fuair mháthair bás agus go raibh ceithre capaill faoi gan ceann ar bith ortha na ar an bhfear a bhí ’ghá thiomáint. Do théigeadh an buachaill amach san oidhche uaireannta leis an cóiste aisteach seo fheiceál. Oidhche amháin nuair bhí sé amuigh mar sin rug beirt fhear air agus thug siad leo é. Do mhair an buachaill leo go raibh sé in a fhear mór árd agus annsin d’éaluigh sé abhaile. Nuair shroich sé a theach bhí a athair pósta arís. Níor mhaith leis an bhean seo an mac a teacht abhaile agus d’innis sí a lán bréige faoi do’n athair. Faoi dheire do chuir an t-athair o’n teach é. Nuair bhí an mac ag imtheacht on teach do chas sé leis an cóiste bodhar acht ní raibh fhios aige gurbh’ é an cóiste bodhar a bhí ann. Annsin do chuimhne sé ar an sgéal a chuala sé faoin cóiste bodhar agus do cheap sé go raibh a athair i ngar do’n bhás. Dubhairt sé leis féin annsin nach n-imthéochadh sé i bhfad o’n teach agus