The Schools’ Collection

This is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s. More information

Filter results

Results

10 results
  1. Naomh Bríd

    CBÉS 0642

    Page 329

    Bh Naomh Bríd lá ag ullmhú an dinnéir agus bhí cúig píosa feola aici. Tháinigh madra go dtí an
  2. Naomh Bríd

    CBÉS 0642

    Page 340

    Bhí Naomh Bríd an-mhaith dos na daoine bochta. Bhíodh sí ag déanamh im. Deineadh sí dó dheag píosa den im agus píosa mór. Sé an brighe atá leis an t-im do roinnt na píosaí ná dhá phíosa déag don dhá easpoil deag agus an píosa mór do an tighearna. Do roinneadh sí an dá píosa déag ar na daoine bochta agus coiméadfad sí an píosa mór di féin.Nuair a raghadh sí fé dhein píosa ime do duine bocht eile bheadh an méid céanna aice.
  3. Naomh Bríd

    CBÉS 0642

    Page 330

    doras agus bhí an-ochras air. Thug Naomh Bríd píosa feola dó agus tháinigh sé arís.
    Thug sí píosa eile dó agus píosa eile, ansan ní raibh ach dhá píosa fágtha. Tháinigh a h-athair isteach ansan agus thóg sé an clúdach den dhá píosa feola agus bhí na cúig píosa ann díreach mar bhí ar tosach.
  4. Naomh Bríd

    CBÉS 0642

    Page 341

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-dhona ní thabharfadh sé aon rud do aoinne.
    Aon lá amháin do chuaidh Naomh Bríd go dtí é agus d'iarr sí píosa talmhan air chun séipéal do dhéanamh air ní bhfuigheadh tú ach an méid clúdeocadh do clócha.
    Do chuir sí an clocha ar an talamh agus do chuaidh an clócha amach ar fad agus dúirt sé ná bhriseadh sé a fhocal.
  5. Féilí na Bliana

    CBÉS 0140

    Page 147

    muinntir an tighe. Téighid ar bhur glunaibh, “Agus leigidh isteach Bríd, agus leigidh isteach Bríd, Agus ligidh isteach Bríd.” Ansin fosglóchar an doras agus tiocfaidh Bríd agus na cailíní isteach, agus beárfaidh muinntir an tighe airgead dhobhtha in onóir Naomh Brigdhe.
    Lá lé Pádraig
    (Caitheamh) Caitheann gach Éireanneach fir agus mná in Éireann an seamróg Lá’ lé Phadraigh. Nuair a thagann na daoine abhaile ón Aifreann a lá sin. Bíonn buidéal uisge beatha in gach uile teach an lá sin agus bhéarfaidh fear an tighe gluinne uisge beatha do gach duine ins an dteach agus fluicfaidh siad an t-seamróg.
    Domhnach Crom Dhuibh.
    Ar Domnach Crom Duibh cruinnigheochadh go leor daoine ar Dún Phádraigh ag deanamh spórt agus pleisiúr. Bhíodh cuid aca ag caitheadh orcar cloice, agus cuid eile ag coimlint agus iad ag feachaint a chéile mar sin.
  6. Na Nósanna a Théann le Lá Fhéile Bríde

    CBÉS 0032

    Page 0008

    Téigheann fear an tighe amach agus baineann sé beart fídheog leagann se faoi an mbord é.
    Le an tráthnóna téigheann bean an tighe amach agus cuireann sí clóca uirrí féin. Téigheann sí thart ar an teach trí h-úaire.
    Annsin buaileann sí ar an doras agus abhrann sí leis na páiste 'Téighidh ar bhur nglúnaibh agus fosgailidh súile.
    Leig Bríd Naomhtha isteach tagann sí isteach annsin agus tugann sí milseain do na páistí. Annsin déanann gach duine sa teach cros dóibh féin.
    Cuireann i dtaisge i go lár na mhárach. Cuireann siad uisge coisrigcean air crocan iad ins an teach agus ins na cróite. Déanann mo athair crosóg in onóir do Naomh Brighid ar an oiddhche ain aguss crocann sé í.
    Bíonn daoine ag dul thart freisin an oidhche sin agus bíonn siad daithte bíonn babóg aca agus bíonn siad ag leigint ortha fhéin gur bí
  7. Paidreacha

    CBÉS 0361

    Page 281

    Gur leigeas mo h-éin ar mo ghlúin deas ar úrlár do thighe,
    Ag admháíl na bpeachaí agus ag déánamh na faoistine.

    * * * * *

    Seo paidir a deireadh gach aon tsean-bhean nuair a bhíodh sí ag coigilt na teine chun dul a codladh:-
    Coigilim an teine mar a chogail Críost cách
    Muire i gceann de'n tigh agus Bríd 'na lár
    bhfuil d'aispolaibh agus d'aingealaibh i gCathair gheal na naomh
    do theacht ag cúnlachan ár dtighe agus na muinntire go lá.
  8. Na Nósanna a Théann le Lá Fhéile Bríde

    CBÉS 0032

    Page 0007

    Téigheann siad thart leis an mbrídeóg lá 'le Brighde.
    Is ceart coinnle a bheith agat lá 'le Brighde
    Bíonn crosóga dhá ndeanamh oidhche 'le Brighde

    Bíonn daoine ag dul tart agus sean-channa aca agus iad ag bualadh air ag baint cheoil as.

    Is ceart an doras a fágáil oscailte agus tiochfaidh Bríd isteach
    Is é lá 'le Brighde an chéad lá d'Earrach

    Bíonn uair ar maidin agus uair tráthnóna de fhaid ar an lá ó lá 'le Brighde.

    Tosuigheann na feilméaraí ag reidhteach i gcoinnibh an Earraigh nuair a thagan lá 'le Brighde

    Is í naomh Brighde patrún an fheilméarachta

    Gach dara lá o mó lá-sa Pádruigh
    Oidhche 'le Brighde gan bruitheachán
    Oidhche Nodlag gan im
    Oidhche Inide gan feoil
    O Dhia nach suarac an teach é seo

    Nós eile déanann fear an tighe cros de tighe agus maide. Crocann sé ar an taobh theas do'n teach é.
  9. Paidreacha

    CBÉS 0437

    Page 296

    Do réir Dé do deinim é
    Beatha na naomh do duile mé
    Céolar na n-Aingeal do chloisim é
    Agus soille na bhFlathas do feicim é
    Solas na soille agus radharc na Tríneóide
    Agus grásta na foidhne in ionad na éagcóire.
    Seo paidir a deireadh na sean-daoine nuair a bhídh tromlaidhe ortha :-
    Anna mhátair Mhuire agus Muire Mháthair Críost
    Cuirim an triúr san agus an crann ar crocadh Críost.
    Idir mé agus tromlaidhe agus gach olc eile atá ar mo shuidhe.
    Bríd Ní Shúileabháin,
    Cromán Uachtar.
  10. Paidreacha

    CBÉS 0032

    Page 0074

    Seo cuid de na paidreacha atá ar eolas agam:
    Go mbeannuigh Dia diobh a luct an sgaibil
    Na leig i failige ar bith in a gcás
    Is mairg a bios 'gan caraid
    'S é in a luige ar leabadh an bháis
    A dhuine buicht gan chéill
    Ná déan breág ar bith le Muire
    Ná ith feoil faoi na bhruinn
    Diq Aoane na Dia Sathairn na h-eagcaoin[ ] go do thinnis
    Umhal síos do chléireach agus 'ghá cúig éiltreacha Mhuire
    Glac Coimneach ó Mach Dhé agus beidh tú feasta ar chos na linne
    D'eirigh Mhuire suas dhá uair roimh an lá
    Tarraing sí aici sgabal na mbrainsí óir
    Táinigh sin cuicí neach bheannuighthe ón Róimh
    Éirigh suas a mhic agus feac ar articeal a bháis
    Éirigh tú féin a mhátair Ó is ar do laimh atá
    Crios Bríd mo chrios
    Crios na gcúig sniomh
    Crios a gcionna bán [ ] naomh