Luibheanna
CBÉS 0067
Page 376
Tá leigheas ins an gcipóg sráide le h-aghaidh dóghadh neanteóige agus tá leigheas freisin ins an gcarraigín le h-aghaidh slaghdán agus an triuch. Tá leigheas eile san ngáirleóig le h-aghaidh na eitinne. Itheann na daoine an duileasc agus an biolar agus an misrúin. Tá leigheasanna ar chuid díobh. Fásann an biolar i gcómhnuidhe in abhann agus cuireann siad salann ann nuair a bhíonns siad ghá n-ithe agus ní bhruitheann siad é cor ar bith. Itheann cuid do na daoine gach rud díobh. Deirtear go bhfuil legiehas ins an mbiolar nuair a bhíonns duine tinn. Deirtear go bhfuil nimh insan misrúin púca agus aon duine a d'íosfadh é bhéadh sé ins na sídheóga.