The Main Manuscript Collection

This collection includes every aspect of the Irish oral tradition. More information

Filter results

Results

10 results
  1. Sciorta

    CBÉ 0441

    "Sgriosta"
    "Sagart sa gCillín: 'Tá súil agam go mbéidh sibh sgriosta nuair a thiocfhas an tEasbog' - 'bearrtha' ba mhaith leis a rádh - 'Is mór a' sgrios luach 'á phighinn dho galaoireach'."
  2. 'Lámh Fhada Dhubh'

    CBÉ 0312

    165352
    dhéarr- innseacht ar níthe a chualas ó Páraic ó
    h-líodhra (Pat-Isaire5), (35), Base Chaisleánn, Cill
    Tártain, Cos na gaillimhe. Barúntacht: Cill Thártain.
    Chuala sé an deanchus seo ó n-a athair héin
    [atá caillte le las blianad a chomhnuigh ins an
    áit céanna.
    C. Maic. 1/9/37.
    i. lán Fada dubh
    [ féach thuas faoi Pheadar Antack, Réidh reamhar,
    par. Thobar deadair. Nmh. 13.]
    I gCillín a’ bhearra, i bparáista Baile an
    Doirín (ballíndinean) a bhí an droch-spris seo fadó.
    Bhí teach mór i gCloch-bhaile - mhóir (Clogh bally nore).
    i bhfoisteacht míle do bhaile an doirín, an uair sin,
    agus dúirt buachaill stábla a bhí ann go bhféachfadh sé
    héin leis an sprid a mharbhú. Thug sé leis capall
    dubh agus tháinic sé go dtí Cillín a’ bheara san oíche
    Chuaidh sé thart tímpeall ar an gCilín trí h-uaire
    agus é a’ fágairt - "seo é an crámh agus chuir feóil air!"
  3. The Knight of Glen's Steed of Bells

    CBÉ 0312

    [Deir sé gur chuala sé é seo nuair bhí sé óg i n-a áit dúchais
    (Cillín), ach nach gcuimhníonn sé cé uaidh ar chuala sé é.]

    There was a gentleman one time and he had three sons. So he buried the missus and he got married agin. He put away the three sons into an island to a castle, the
  4. Nóta

    CBÉ 0441

    Nóta
    [D'éag Peics Coinnéir, Buaile Chuairín, leath-pharáiste na hAille (paráiste Cillíní Díoma agus Aill) mí an Mhárta, 1937.
    D'éag Máirtín Ó Máille, Cor na Rón, deire an Mhárta, 1937. Daimhseoir maith a bhí ann le linn a óige.
    Go ndéana Dia grásta ortha.]
  5. Ainmneacha Áiteanna

    CBÉ 0283

    277
    ghallón dá thróigh dheag ó chéile, ceann aca sheacht dtroigh go
    leith ar aoirde, trí throigh deich n-órlach ar leithead
    agus dhá thraigh naoi n-órlach ar réimheadas, agus an
    ceann eile trí throigh trí órlach ar aoirde, trí throigh
    ocht n-órlach ar leithead agus dó throigh dá órlach ar
    réimheadas.
    Is ón dá chloich sin ní fuláir a fuair an bóthar an ainm
    Bealach leachta. An Chéin Corcra a tugtaí ar bhealach
    leachta ón mBearnain deirg go dtí an Ghaortha.
    Bealach feabhradh. Sean bhóthar ón Sliabh Mhín Bhliabh Chaoin)
    siar fan gruadha thuaidh an droma Móir i gCill na
    Martra ar feadh chúig míle slighe gur shrois sé Cathair
    deaghaidh," as san ó thuaidh go dtí Ceann dromá thar
    an sruth ag áth an Tíompáin, siar uaidh sin tas
    thuaidh de Chill lachtín, tré choill cloch Adhna
    go dtí Gort Áth na Míleadh, mar ar ghaibh sé thar
    cheann ioctair na gcloch agus tríd an gcuid íochtair
    den ráth fan na h-abhann dubhghlaise go dtí doire
    an Chillín i n-aice lománach, mar ar bhuail sé
    bealach Migha bhuith."
    BGlach Magha buith" An sean-bhóthar ó Chiarraighe
  6. Ainmneacha Áiteanna

    CBÉ 0283

    282
    ón mbóthar atá ag dul isteach chuige.
    Doipe an Tóchaile. Seana bhealach ab’ eadh
    an Tóchar ag dul ó Thuath na n dfioman
    go raibh laoghaire. Tré phortachaibh atá furmhór
    na slighe. Ta sgéilín ana dheas ag muinntir an
    bhaill sin mar gheall ar seana-shiofra caillighe
    do chómhnuigh istigh sa lios atá ann agus conus mar
    do rug sí ar ghearrachaille a bhí ag dul ar sgoil
    lá agus gur choimead sí feadh an lae é ag luasgadh
    cliabhain istigh sa lios. Ach do fuair mathair na
    gearrachaille amach cad do dhein an síocra caillighe
    uirthe agus bhí sí maith a dhóithin di.
    Doiscín na Ceardchan: íl aon chúntas ar chia
    aige go raibh an cheardcha.
    Doire Each
    Doire Finghin. Níl aon chuntas ar cérbh é fugin
    Achadh an Chonnaidh.
    Báile Uí Bhuaig Tá seana tighthe annso
    tímpeall leath-mhíle slighe ó dheas ón tsóipeal
    agus glaodhtar na Cillíní ortha.
  7. An Fear a Rabh an Dardaol ina Shúiste

    CBÉ 0312

    90
    Smaoinigh sé ar an lambartach agus tháinic sé go dtí
    é agus d’innis an cás dó. Bhí an lambartach i
    n-aois ins an am agus ní rabh sé ar fónamh
    ach an oiread. Ach tháinic sé mar sin héin
    agus shróthuigh sé an rása dhó. Nuair a chonnaic
    an duine uasal eile go rabh an capall seo a’
    srothú d’fhuagair sé: "Sé an diabhal é héin
    atá ann, sin nó an Éambartach ó Chreis-a-chláir?"
    Cuireadh teachtairí go bhreis- a’ chláir, ach bhí an
    lambartach annsin ar a leaba nuair a tháinic-
    eadar.
    dean - sann
    lá fhéir’ Fionáin fionn
    Teigheanns a’ ruibh ar a’ bhfuacht;
    lá féil’ Páraic na bhfear
    baintear an gáimh as a’ gcloch ghlas.
    -Seán dCheallaigh (58),
    Donnach, Cillín a’ díomair,
    Co. na ghaillimhe. 3/2/37.
    [ Maic-
  8. Eachtraí ar Ghobnait Naofa Bhaile Mhúirne

    CBÉ 0283

    6
    Mhúsgraighe ab’ eadh í ach admhuighid siad uile gur sa sémhadh
    aois do rugadh í. Ní fuláir nú bhí fuil uasal éigin innte
    de réir na sean-sgéalta agus deirtear gur fhág sí an
    baile agus í ana óg. Deirtear gurab amhlaidh a tháínig
    aingeal chúiche agus í na codladh agus gur órduigh sé dhi
    bheith ag siubhal léi go dtí go bhfaghadh sí naoi gcinn d’fhiadhnaibh
    bána i dteannta a chéile agus clochar a thógaint insan
    áit sin.
    Ní fuláir nú gur cailín ana naomhtha í agus a rádh gur
    tháinig aingeal ó dhia ag triall uirthe. Seadh, do chomáin
    sí léi agus níor dhein sos ná cómhnuidhe go bhfeacaidh sí
    trí cinn d’fhiadhnaibh bána le chéile. Deirtear gur i
    bPortláirge do thuit san amach agus glaodhtar Cill
    Ghobnatan ar an áit sin go dtí an lá atá indiu ann.
    D’fhan sí tamall insan áit sin ag guidhe chun dé agus seo
    chun siubhail í airís go dtí go dtáinig sí go Cluain
    Droichid i gConntae Chorcaighe. Do bhuail uime annsan
    sé cinn d’fhiadhnaibh ar aon dath agus do thug sí tamall
    eile insan áit sin agusí ag guidhe.
    Seo chun siubhail airís í go dtáinig sí go dtí na
    Cillíní i mBaile Mhic Íre agus nuair a fhéach sí uaithe
    anonn ar Ghort na Tiobradan do thug sí fé ndeara
    naoi gcinn d’fhiadhnaibh bána insan áit sin.
    Do chaith sí í féin ar a glúinibh agus do thug buidh-
    eachas ó chroidhe do Dhia a thug an treo san í.
  9. Eachtraí ar Ghobnait Naofa Bhaile Mhúirne

    CBÉ 0283

    agus
    Insán áit sin (na Cillíní) ó n-a bhfeacaidh sí an radharc
    álúinn sin a thóg an ceó dá croidhe tá cloch na seasamh
    fós ag taisbeaint an spota ar a raibh sí le linn na
    h-aimsire sin. Do chuir sí a dá h-uilinn anuas ar an
    gcloch san ag féachaint uaithe anonn agus tá rian a lámha
    ar an ghcloich ó shoin i leith.
    Do ghluais Gobnait uirthe anonn go dtí Gort na Tiobradan
    agus do thosnuigh sí ar a clochr do thógaint insan áít
    bheannuighthe sin. Fuair sí cabhair agus congnamh chun san
    a dhéanamh agus níor bhfada go raibh an foirgneamh go
    h-árd os cionn tailimh.
    Le linn na h-aimsire sin do tháinig dream éigin mar
    Phrotastúnaig ag triall ar bhaile Mhúirne agus do
    chuireadar fútha ann. Do thosnuigheadar ar foirgneamh dá
    gcuid féin do thógaint ar aghaidh Ghort na Tiobradan
    anonn ar mhágh mín. Do chuir san fearg ar Ghobnait
    agus do shocruig sí na h-aigne ar deire do chur leis an
    obair seo. Nuair a bhíodh obair an lae críochnuighthe
    agá muinntir féin agus ag an mhuinntir eile do
    sheasuigheadh sí ar bharr an cnocáin agus do chaitheadh
    sí bolla ˛or leis an bhfoirgneamh gallda do leagadh
    go talamh é. Do thagadh an bolla míorbhúilteach so tharnais
    chúiche dá leointe féin gach tráthnóna.
    Nídh nárbh iongnadh do tháinig sgion agus crith-eagla
    ar na stróinséirí agus fuaradar go raibh an foirgneamh