Scéalta fá na Siógaí
CBÉS 1045
Page 076
Tá áit eile thuas ins an bhragáidh ar dtugtar na leachtaí air agus is áit an uaigneach é. Tá poll ins an talamh ansin agus deirtear gur rath na Síoga ann. Bhí fear ina chonnaidh ar an bhrágaidh agus níor chreidfeadh sé duine ar bith go raibh síoga ann.
Sin lá amháin chuaigh sé go dtí an áit seo agus chuaigh sé isteach ins an pholl. Nuair a chuaigh sé isteach bhí an-fháilte ag na Síoga. Ansin fhill sé le teacht abhaile agus bhuail bhanríon na Síoga dorn air ins an chloigeann.