The Schools’ Collection

This is a collection of folklore compiled by schoolchildren in Ireland in the 1930s. More information

Filter results

Results

40 results
  1. Cistí Óir i bhFolach - Scéal IV

    CBÉS 1091

    Page 207

    pholl. Tháinig eagla ar na fir, agus dubhairt fear amháin aca rachadh siad na bhaile, agus chuaidh siad na bhaile. D'innis siad do dhaoine eile é.
    Chuaidh cúpla fear eile síos leobhtha agus chonnaic siad na daoine beaga fosta, rith siad na bhaile go gasta., agus dubhairt siad gur síoga a bhí ann. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu cha deachaidh siad go dtí an lios.
  2. Sochraid Sí

    CBÉS 0042

    Page 0121

    Sochraid Sí 10.06.1938
    Tá beirt fhear ina chonaí in aice liomsa agus do chonaic siad sochraid sí agus aon oíche amháin nuair a bhí duine acu ar cuairt i mo theach d’inis sé an scéal dom ar fad mar do tharla. Do fuair fear bás a bhí ina chompánach mhór don bheirt fhear seo agus dúirt siad lena chéile go rachadh siad go dtí an tórramh. Do chuaigh siad ann agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile ar an mharbh na hoíche do chonaic siad rud éigean a chuir faitíos an mhór ar an mbeirt. Do bhí go leor carráistí móra ag teacht acu anoir an bóthar agus capall deas bán faoi gach cheann acu. Bhí feairín beag deas ag thiomáint gach capaill acu agus lasc mhór ina láimh ag gach ceann acu agus é ag tabhairt buille don chapall agus d’fhéadfadh an buille a chloisteáil míle ón áit.
    Do bhí cnoc beag píosa ón áit agus reilig ann agus geata mór déanta de iarann ag dul isteach ann. Do chuaigh gach ceann do na carráistí thríd an ngeata agus é dúnta agus isteach go dtí an reilig agus tháinig gach ceann den na síoga amach as na carráistí agus thosaigh siad ag gol ós comhair aon uaigh amháin a bhí in san reilig.
  3. Scéal - Sióg Chnoc Meá

    CBÉS 0082

    Page 091

    Tháinig mo sean athair i bréig beag in aice le cnoc measa lán le túaim. Bhí capall mór álainn aige agus aisce amháin timpeall ciorcal blásann a sain uair an capall ann. Bhí sí i stablaí in aice leis an cúige. D’fhan mo sean athair ina suí ar feadh na hoibre ag faire ar an gcapall.
    Nuair a bhí sé ina meas an oibre agus an clann go léir ina eolais, O’ osclaíonn and doras, agus tháinig marcai beag rua isteach. Bhí slaitín ina láimhe aige. Níor abair sé focail ar cúais anonn sa cúinne, fág sé an scian a bhí ar ciorcal ar an mballa agus amach leis arís.
    “Tá an capall marbh arsa mo sean athair leis féin” nuair a teigh sé amach chun é a feicéal arís, bhí sé cínte fuair marbh sa stablaí. Duine deas na sióga “chnoc measa” a tháinig agus an capall a gcoid leis mar bhí sé ag cloiseáil go gear uair.
  4. Oíche na Gaoithe Móire

    CBÉS 0131

    Page 320

    'isteach' agus bhí na báid amuigh ar an bhfairrge.
    An oidhche chéadna séideadh an ceann de thighthe, agus b'éigin do mhuinntir an tighe imteacht leobhtha ar fud an bhaile, agus ní dheachaidh sí ar ais le comhnuidhe ionnta as sin amach. Do fuaduigheadh go leor síoga féir agus cruacha coirce gur cuireadh amach sa bhfairrge iad, agus seachtmhain ina dhiaidh sin thainic go leor féir isteach leis an lán.
    B. Ní Ghallchobhair, Corrán Buidhe, a scríobh
  5. Liosanna

    CBÉS 0132

    Page 201

    Tá dhá lios i gceanntar na scoile. Ceann i Muiningán agus ceann i gCluantacille. Níl siad i radharc a chéile.
    An lios i Muiningán: Cuma cruinn atá air agus claidhe thart timpeall air. Tá crainn ag fás ar an gclaish freisin. cuireadh iorna ansin uair agus tarús fós mair teacht air. D'imigh sé as radharc daonda uair amháin. Is minic a facthás solas beag cosamhail le laimpín beag, agus is minic a chuslathas cainne daoine ann freisin. Creideann na daoine go mbíonn na síogá ann agus bíonn fáithíos orthú ag dul iar an áin.
    An lios i gCluantacille: Cuma ciannthoac acú air. Tá balla clocha thart timpeall air agus crainn ag fás taobh istigh de'n bhalla. Tá poll mór ann. Creideann muintear na h-áite go bhfuil cisce óir i bhfolach ann agus
  6. Páirc na Sióga

    CBÉS 0456

    Page 396

    in the morning the sticks were gone and the woman had disappeared
    Ever since, that field is called
    Páirc na Sióga
  7. Sióga

    CBÉS 0642

    Page 317

    Síoga
    Bhí beirt bhuachaillí ann uair amháin agus bhíodar an-mhór lena chéile. D’imigh ceann acu as an áit agus phós sé. Ní raibh sé i bhfad pósta nuair a fuair sé bás.
    Chuaigh an fear eile go dtí an tórramh agus nuair a bhí sé in aice leis an tígh, cé bhí ina sheasamh in aice leis an gclaí ach an fear a bhí tar éis bháis. “Ó, nílimse tar éis bháis ar aon chor, ar seisean. Nuair a rachaidh tusa isteach anois
  8. Place Names

    CBÉS 0643

    Page 183

    There is a field on our farm by the name of Páirc a' Tornua because there was a lime kiln there long ago. There is another by the name of Páirc na Fothriaghe because there is an old ruin there and there are apple trees and roses growing around it. There is another one, Páirc na Graige because it was the best field in Graigue once.
    There is another one .Páirc na Geata, because there was a couple of gates leading into it. Bun an Rae and Barra an Rae are two other fields. It was a Rae once but it was ploughed and made into good land and into two fields.There is a road called Bóithrín an Uisce because there is water flowing along it. There is a cross near my house called Cras na Síóga because the fairies used to be seen there, as told to me by my mother Eddie Crotty.
  9. (no title)

    Tá lios in aice mo thig-se.

    CBÉS 0644

    Page 73

    Tá lios in aice mo thig-se. Bhí fear ina chónaí gairid don lios fadó. Michil Ealaidhe an ainm a bhí air an bhfear sin. Fear an-spórtiúil ba eadh an fear seo agus bhíodh sé amuigh gach oíche go déanach. Bhí sé ag teacht abhaile ar a dó dheag a chlog an oíche seo. Nuair a bhí sé ag gabháil thar an lios d'airigh sé ceol bog binn íseal. Bhí sé comh bog sin go gcuireadh sé id codladh thú. Shuí sé síos ar an gclaidhe ag éisteacht leis an ceol. Níorbh fhada gur thit sé ina codladh. Níor dhúisigh sé go dtí an maidin ina dhiaidh sin. Nuair a dhúisigh sé bhí sé sínte i lár páirce cúig agus trí fichid míle ó bhaile. Siúl sé abhaile agus chuaidh sé agus caith sé é féin sa leaba. Fuair sé bás an oíche sin. Deirtear gur nimh a thug na síóga do nuair a bhí sé ina codladh.
  10. Ciste Óir i bhFolach

    CBÉS 0106

    Page 190

    Tá go leór seanchas ag na sean daoine thart annseo faoí óir agus rudaí eile a bhí curtha i bhfolach sa gcrefóg agus in áiteacha eile.
    San am fadó bhí bean, fear agus marlach amháin in a chómhnaidhe i dteach beag in aice sleibe. Oidhche amháin núair a bhí an t-athair agus an máthair in a codhladh tháinig fear beag bídeach mar leipreachán isteach agus chuir sé an marlach a bhí sa gcliabhán amach ins na síoga. Chuir sé éadach an mharlaigh ar fhéin agus dfhan sé san gcliobhán é fhéin.
    Bhí sé i gchómhaidhe
    ag caoineadh agus ní raibh fios ag an t-athair agus ag an máthair gur a marlach féin a bhí ann. Ní raibh fhios
  11. Oíche na Gaoithe Móire

    CBÉS 0131

    Page 321

    Bhí gaoth an-mhór ann fad' ó timcheall céad blian ó shoin. Ar a h-aon a chlog san oidhche thosuigh an ghaoth agus timcheall a dó bí an speir dubh le néallta móra.
    Briseadh na tighthe agus gach rud a bhí ionnta. Sgrannruigheadh na daoine go mór agus an lá i n-a dhiaidh ní raibh síog nó cruach coirce nach raibh iompuighthe ag an ngaoith.
    Bhí na daoine go léir amuigh agus iad ag déanamh suas na síoga agus na rudaí a bhí iompuighthe. Báitheadh na daoine as Port an Chlumhaigh a bhí amuigh ag iascaireacht. Thosuigh sé ag déanamh tóirnighe agus solais agus thobair (?) nár marbuigheadh na daoine.

    E. Níg Craith, Port an Chlumhaigh
  12. An Slua Sí

    CBÉS 0641

    Page 105

    An Slua Sí.
    Tá a lán scéalta ann mar gheall ar an slua sí.
    'Daoine maithe a bhí an slua sí nó sióga ainm eile atá orthu. Sna cnoic agus sna sléibhte agus sna liosanna a bhíonn an slua sí ina gcónaí.
    Uaireanta chonaic daoine an slua sí san oíche amuigh i bpáirc éigin ag imirt liathróide nó peile nó ag bualadh liathróide.
    Uair amháin bhí bean ann
  13. Sprid

    CBÉS 0642

    Page 298

    Tá fear sa Rinn agus nuair a bhí a dertháir ag fágáilt bháis chuaidh sé amach sa ngáirdín agus bhí sé timpeall a dhá bhuile déag san oíche. Tar éis tamaill chonaic sé an bhean-sughe agus léig sí trí lúigh aisti.
    Tháinigh eagla air agus chuaidh sé isteach abhaile arís agus nuair a chuaidh sé isteach bhí a deartháir tar éis báis.
    LIOS
    Bhí lios sa Rinn fadó agus bhíodh na daoine á rá i gcónaí go raigh síoga ann. An oíche seo bhí fear ag dul ag imirt cártaí. Bhí sé timpeall leath-uair tar éis a naoi.
    Chonaic sé fear beag ag teacht amach
  14. Story

    CBÉS 0101

    Page 385

    There was once a smith living in the crossroads of Cnocma and he was a great horse-shoer.
    One day a man came to him with a red cap, shining leather leggings, his loading whip in his hand and a horse to be shod. The man only wanted three shoes on the horse.
    "Why not put four shoes on it like every horse"? said the smith"
    "Well three shoes are better said the man.
    The smith put on the shoes on the horse and the man paid him.
    Then the man told him his name.
    "Im Finbarra Meadha and "Sioga Rát Cruatain" will come tomorrow to fight me at twelve o clock. He has a big grey horse and we will fight on horse-back.
  15. Pisreoga a Bhaineas le Sochraidí

    CBÉS 0108

    Page 163

    3. Is ceart an cónra a thabhairt isteach is amach arís gan a iompó.
    4. An té a chuireann suas na braitlíní nó na cuirtíní san áit a mbíonn an corp ar chlár, is cóir don duine sin an maisiú go léir a stracadh anuas sula dtógtar an corp amach as an teach.
    5. Ba nós é sa tseanaimsir na mná go léir a bheith ag olagón is ag caoineadh an mhairbh ó d’fhágadh an cónra an teach go sroistí an reilig. Bhíodh mná áirithe seachas a chéile a raibh ceird an chaointe ar fheabhas acu, agus chuireadh muintir an duine mhairbh fios ar na mná seo le ‘caoineadh’ a dhéanamh ag an tsochraid. Gaileog sa mbreis d’uisce beatha a gheibhidís mar thuarastal as ucht a gcaointe. Dá liacht iad na mná caointe ag an tsochraid b’amhlaidh ba mhó measa a bhí ar an marbh. Bean Sheáin Uí Mhurchú as Cluain Déise a rug an chraobh le caoineadh sa gceantar seo.
    6. Má thagann bás obann ar dhuine deireann na seandaoine gur ‘thug na sióga leo é’.
    7. Ní ceart do dhuine dul abhaile ina aonar ó thórramh.
    8. Ní ceart an luaithreach a chur amach as an tine a fhaid is a bhíonn an corp sa teach.
  16. Bean Leighis - Cáit de Prendergas

    CBÉS 0647

    Page 26

    Leath chéad bliain ó shoin nó mar sin bhí sean-bhean ina chónaí i gCnoc Mellerí agus bhí sí in iúl buidéil leigheasanna a dhéanamh as luibheanna.
    Bíodh na daoine tinn ag teacht cúichi ó gach áit i gcéin agus i gcóngair chun leighis d'fhágailt uaithi. Dubradh i measc na gcomharsan go raibh baint aici le na síóga ar feadh seacht mbliadna agus do thugadar an comhacht san di.
    Ag siúl an bhóthair di bhíodh sí ag casadh ó thaobh go taobh agus ag caint ós árd san am céanna díreach is go mbeadh sprideanna ag tonnlachan di.
    Pé scéal é bhí eolas aici ar gach saghas galair do leighisiú. Dá mbeadh bás indán don duine árdóchaidh sí an buidéal leighis idir an duine agus an solus agus teasbáinfadh sí na sgoilbóga (sin comhartha an bháis) i dtón an buidéil agus chaillfeadh an duine gan morán moille. Ach tráthnóna amháin fuaireadh an tsean-bhean ar thaobh an bhóthar agus i mbéal bháis. Do leag rothaí í agus ba náireach an sgéal. Fágadh mar thit sí.
    Bhí brón agus díomá ar a cáirde agus ba mhó na paidreacha a dúradh léi.
  17. Páirc na Sióga

    CBÉS 0456

    Page 395

    Páirc na Sióga
    Once there lived a farmer in Lissivgeen. He used to "mock" his cows in a certain field every night
    But his cows used to be left out and the sticks thrown on the roadside. He did not know what to do.
    He told his neighbour who was a very wise man all about it.
    The neighbour told him to watch for one night. The farmer said he would be afraid.
    The neighbour said he would stay with him.
    When the night came the two stayed up and watched. About one o'clock they heard a noise
    They went to see what it was.
    They saw a woman dressed in white sitting near the gap. They asked her what she was doing. She said she was minding the gap.
    They said they would stay with her but she said she would mind it alone, and she advised them to go home. They went home and were delighted.
  18. Cailín Deas Crúite na mBó

    CBÉS 0326

    Page 003

    Dá bhfaghainn-se árd tighearnas na h-Éireann
    A's éadacha síoga 'gus sróil
    Dá bhfaghainn-se an bhainrioghan is aoirde
    Dá bhfuil ar an dtalamh so beó
    Dá bhfaghainn-se céad loingeas mar spré dhom
    Píolátaí caisleáin agus ór
    Do b'fhearr liom bheith bocht ar dhruim sléibhe
    Ag cailín deas crúidhte na mbó
    Mara bhfuil sé im'chomhair-se bheith taobh leis
    An dé-bhruinneall dhílis úd fós
    Is daoirseach dobrónach mo shaoghal so
    Gan suairceas gan éifeacht gan treó
    Ní bheidh sólás im'chroidhe-se ná im'intinn
    Ná suaimhneas ceart oidhche ná ló
    Go bhfeiceadh lem' thaobh ó n-a muinntir
    An cailín deas crúidhte na mbó
  19. Seanfhocail

    CBÉS 0637

    Page 218

    1. Dearg thiar is grian amáireach, dearg thoir is beidh sé ‘na bháisteach.
    2. Samhradh gach síon go Nodlag.
    3. Is mó cor a chuireann tá larraigh de.
    4. Fiche bladhain ag teacht, fiche bhladhain ar stad, fiche bladhain ar neart agus fiche bladhain gur chuma é ann nó as.
    5. Is mó croiceann a chuireann an óige dhi agus bodach a chuireann an bothar de.
    6. Nuair a chrudhann an tslat is deacair a shíom ‘na fad.
    7. Bíonn gach duine lágach go dtéigheann an bhó ‘na iarraidh.
    8. Cnoch Mhaoil Domhnaigh lán de tabharaibh
    Maidean Domhnaigh Cásca.
    Cnoch na Síoga lán de Caoirigh
    Maidean aoibhinn álainn.
    9. Oidhche Nodlag mhór gan feoil
    Oidhche fhéile bhrighde gan im Domhnach Cásca fab arán
    Is nach é sin an gearán liom.
    10. “Tá sé ag fearthainn”, ars an capall, “tá go díreach”, ars an bhó. “Tá bréagh aoibhinn”, ars an caora,
    “Súid chun an chlaidhe sinn” , ars an gabhar,
  20. Beatha Chríost

    CBÉS 1053

    Page 056

    111
    Gur tarraingeadh a lámh ó’n cholainn cráidhte
    Gur tiomanadh frídhte beó na tairnghí
    Chrup a chorp ‘na dhiaidh sa taobh sin
    Acht ní fada bhí sé ar luigh sin
    Gur tarraingheadh a lámh chlí ar aghaidh le córda [cna]?
    Gur sraochdeadh í síos ar áit a tairne
    Deir a lán gur leónadh a mhéara
    Agus gur scaoileadh a altaibh ó na chéile
    112.
    Teannadh a chosa síos le cordai
    Gur daingneadh iad le táirní da réir an [órduig]?
    Dó’n chrann chruaidh iad lé na gcasúir
    Narbh suid an phian agus an phionas deacair
    Thóg siad suas an croich ‘na dhiaidh sin
    Ar an bhonn le neart an chrith agus an réimh [si]?
    Shíl a chois mar throscuigh an ghabha,
    Ann ‘san áit ar h-adhlacadh cloigeann adhmha
    113
    Bhí gadaidh ar gach taobh dó chéasta
    A sioga sa lár agus mó chreach sa ann [feasta]?
    Is fada roimhe ó sgríobh Rí Daibhidh