School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 368](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0474%2FCBES_0474_368.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 368
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 368
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcómhnaidhe in aice an tobair san agus lá amháin do bhí bean ag cur prátaí ar an dteine agus do cuir sí uisge as an dtobar san ar na prátaí. Do bhíodar ar an dteine ar feadh an lae. Do bhí sí ag cur cipíní fútha gus bhí iongnadh uirthi cad na thaobh ná rabhadar ag beirbiúghadh. Ach do bhí ana ghlór á dhéanamh ag an uisge. Do thóg sí an corcán aníos agus do chaith sí an t-uisge isteach i mbuicéid agus chuir sí uisge ón dtobar eile ortha agus ní rabhadar nomat ag beirbiúghadh.
Do chaith sí an t-uisge do cuir ar ais airís. Tá tobar eile in aice le Tráighlí agus Tobar na Molt an t-ainm atá air. Deirtear nuair a baisteadh Naomh Breandán gur rith trí mullacháin amach as an dtobar. Deireann daoíne eile gur i n-aimsear na bpéin-dlighthe nuair a bhí na Caitlicí á rádh an t-Aifrinn a ritheadar as. On t-am sin go dtí an lá indiu tá an ainm an Tobar na Molt air agus tá trí sceacha ag fás ann.Gobnait Ní Shéaghdha
Doirenéadain
Máistir Gaoithe- Collector
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Éadain, Co. Kerry