Ar Leanamhaine. Crúbaidh Loch Béarra. Shluagh na mairbh, fear mhuirbhthidhe na mílte, fear millte na gcéadtaí is dá muirfidhe indé é go bhfuighfidhe sgríobhtha i nGarraidhe na Gréig gurab é an fear tréitheach indiu é. D’imthigh sé leis i mbéal a [chinnte]? á’s ní dheána sé stad nó mór chomhnuidhe gur shroich sé cúirt Ríogh Shasana. Ghlac an Rí mar searbhfhontaighe é cionnus go raibh sé chosamhail le na mhac a’s go mb fhéidir go [mbéadh]? sé ábalta obair a mhic a dheánamh corr uair. Thart fan am seo bhí inghean an dheas ag Rígh Lochlainn a’s ba mhaith le mac Ríogh Shasana í a phósadh. Acht bhí obair chruaidh le deánamh ag an té a gheobhadh. Bhí ar an té a phósfadh é ainmhidhe fiadhain a dheánamh a mharchuidheacht trí h-uair thart ar Chaisleán Ríogh Lochlainn. Lá amháin chuaidh Crúbaidh a’s an Prionnsa óg go coill lochlann. Chuaidh Crúbaidh suas ar chrann a’s d’fhan annsin go dtí go rabh an t-ainmhide ag gabháil faoi ghéig an chrainn. Annsin léim sé anuas ar a dhruim a’s rinne anJoseph McGroartyJoseph McGroarty