Ins an t-sean am bhíodh na bacaidh ag dul ó theach go teach ag iarraidh deírce agus ag iarraidh loistín go maidin ortha. Corr dhuine a choinneochadh iad agus fiche duine eile nach mhbhéadh a dhach le deánamh aca leobhtha ar cor ar bith. Dá gcoinneochadh siad iad’ oidhche ar bith bhéadh siad ag fághail cuideachta mhait ortha. Bhéadh na bachaidh ag innse sgealtaí do na da daoine a chruinneochadh isteach an oidhche sin le éisteacht leobhtha. Seo sgeál a d’innis fear de na bacaidh. Am amháin bhí bean ann agus bhí n’igeann ag an bhean. Lá amháin bhí an ingean ag dúl a dheánamh éilin. Bhí doisin uibeacha aicí agus bhí sí ag dul a chuir na h-uibeacha faoí’n chearc ghur. Chulaidh sí aríamh gur cheart cearc a rádh le achan uibh a chuirfeadh faoi chearc. Dubhairt an mháthair go d gcuirfeadh sise na h-uibeacha faoí’n chearc go rabh níos mó ádh uirthi-se na bhí ar an ingean. Nuair a chuir sí na h-uibheacha faoí’n chearc ghur dubhairt sí cearc le achan uibh - acht an uibh dheireannach agus dubhairt sí choileach. Nuair a bhíJoseph McGroarty