[-]Joseph McGroartyDa mbhéadh duine ag gábhail un aonaigh, agus beatach no capall leis, agus da gcasadh bean ruad air. Deirtear go bpillfeadh sé. Nuair a bheitfheá ag siubhail ar an bhealach mhór agus dá bfuigheach leith-phighin caillte, agus dá gchuirfhéa an leith-phighin in do phocha, deirtear na mbhéad ádh ar bith orm na dhiaid sin. Nuair atá bó in dhiaidh breith cuireann na daoine uibleóg sa doras roipe ar eagla go gcuirfheadh na daoine beaga geasrogaí uirthí amuigh ar an chnoc. Ar Oidhche Nodlag Bheag ní ceart uisge a thabhairt isteach roimh clap- sholas. Deir daoine nac uisge a bhéadh agat acht fíon. Ba ghrád le na daoine chochan a chuir thart ar a gceann ar Oidhche Fhéil’ Bríghde gan tinnis -cinn a bheith ort go cionn bliadna na dhiaidh sin. Ar maidin lá Fhéil Bealtaine bheireann mhná leobhtha soithigh an bhainne go dtí loch in na bhfuil tri srutháin ag dul isteach sa loch. Ghnídheann siad seo le daoine a chonneál ar shiubhail uaidh a gcuid eallach ar [eagal]? go mbhéad siad gan im. An snáisin a bíonn fágta indhiaidh faire bheareann mhná leobhtha é ag déanamh go bhfuil leigheas ann fa- coinne áichidh ar bith. Ma bhíonn duine ar bith ag dul arJoseph McGroarty