achan phunnta a gheibheann sé, agus [laicse]? an t-ainm atá air an t-airgead sin. nuair atá an beataidigh ceannuighthe gearrtar cuid acha le siosúr, cuirtear dhath dearg air cuid acha fosta, agus gearrtar giota de’n chluais de chuid acha, le marchanna a chuid ortha. Bheireann an fear a dhíolfas an ceannrach a bhíos thart ar mhúineal an chapaill no an bhó do’n fhear eile. Aonach an t-Samhraidh agus Aonach an Gheimhridh na h-Aontaighe is mo sa cheanntar seo. Bíonn aonach ann í gcómnuidhe fa-choinne caoirigh agus capaill agus sin Aonach an Gheimhridh. Aonach an Gheimhridh is fearr de na capaill agus Aonach an t-Samhraidh is fearr de na caoirigh.Joseph McGroartyLeighiseanna. Leighis do’n truch. Trí dheoch uisce a ól amach as béal brice agus annsin ní bhéadh an truch ort níos mo. Leighis d’on bhruicineach. Cul -fáich a chur síos ar bhraon bainne agus é a bhruith go maith agus nuair atá sé bruitte caitheann muid ar shiubhal an chúl-fáich agus ólann muid an sugh. Leighis eile fa choinne an truch.Joseph McGroarty