Bhí Naomh Cróin na cómhnuidhe i dTeampall Cróin, fa thuairim seacht míle siar ó’n Clochan Liath, san seachtadh Aois. Thainig na Franciscins ann eigin na dhiaidh sin agus thóg Mainistreach fan áit cheadna. Bhí siad na comhnuidhe annsin go dtí gur ruaigna h-Albanaigh iad san t-octhadh aois déag, agus ghlac seilbh ar an Teampall agus an Roilig. Nuair a theith na Sagairt agus an tóir n-a ndiaidh chuir siad na leabhair Aifrinn faoi lic i gCruaich Na Sealga trí míle soir ó’n Clochan Liath. Ó’n lá sin go dtí’n lá indiu ní fhuair an áit seo ainm ar bith acht Mhín Lic’ Na Leabhar.Joseph McGroarty