Fadó bhí sgoil claidhe ins an áit in a bhfuil an séipéal. Bhí na sgoláirí a bhí ins an sgoil ag árdú gainmhe ó poll gainmhe a bhí annsin. La amháin bhíodar ar fad ag ardú stumpa agus chuaidh buachaill darbh ain, fó Mac Gearailt isteach faoi an stumpa. Ar an nóiméad sin chuit an stumpa air agus marbhuigheadh é. Ní raibh aon reilg in aice leo aguis chuireadar annsin é ins an gainimh. Dhúnadar an poll sin ar fad agus annsin milleadh an sgoil in a dhiaidh sin. Ní raibh aon rud annsin acht páirc leis na blianta agus annsin rinneadar seipéal ann.Matt Smyth