Fadó bhí shoil ag Cathair na mBroc. Bhí sí amuigh i bpáirc. Bhíodh an máighistir ag muineadh na bpáistí amuigh faoí balla. Sé an t-ainm a bhí ar an máighistir Seán macDhuibhir agus ní raibh sé as an áit seo. Bhí se as Co. na Gaillimhe. Bhíodh se ah múineadh ins na tighthe ins an oidhche. Bhí an múinteóir ag cur faoí i dteach in aice leis an áit. Ní bhíodh mórán Gaedhilge ar siubhal ann acht bhíodh Béarla ar siubhal ann. Bhí meas aca ar an Gaedhilg acht má bhéarfadh na saighdiúirí ortha agus iad ag múineadh Gaedhilge mharbhóchadh siad iad. Bhíodh na páistí ag sgríobhadh le cleití. Ní raibh aon bhinnsí ann acht bhí cúpla stóil ann, Bhí an máighistir ann ar feadh ocht mbliana.Matt Smyth