Bhí fatach ag dul thart i gCo. na Gaillimhe uair amháin. Chuaidh sé amach ag fiadhach lá amháin agus mharbhuigh sé torc. Annsin b'éigin dó an torc a tomhaiseadh ó na ceann go dtí a ruball le na ordóga agus thomhais gach ordhog orlach. Bhí ribí gruaighe ar an torc agus bhí nimh orra. Shaith ceann aca sin isteach in a mhéar agus bhí an mhéar tinn annsin aige agus bhí pian mhór ann. Thosuigh sé ag siubhal annsin go dtáinig sé go Cnoc an Gorn i nGotatín agus luigh sé síos annsin. Bhí sé ar lag agus fuair sé bás agus cuireadh é san áit céadna.Matt SmythMatt Smyth