An té bualtar sa gceann bionn faitchíos air. Is minic cú mall sona. Ní feidir fear gan ceann a chrochadh. Ní aitrígheann bolg leat-bholg. Is deacair fuil a bhaint as turnapa. Is dall fear i dteach fir eile. Arán cám a ghníos bolg díreach. Ní'l lá da fhad nach dtagann tratnona. Ní teigeann cuilleog sa mbeal a bios dunta Nuair is cruadh don chaillighe caithfhidh si rith. Is goire cabhair De na an doras. Dá feabhas an oidhche fagann an lá locht uirri. Moilleann Dia an deifir. Is fearr fabhar i gcúirt na bún san sparan. Is fearr sean-fiacha na sean-failimhe.B CunninghamTadhg Crowe