Níl aon oidhche Mhárta dár tháinig 'riamh nach marbhóch' mártan, mart nó caora. An chéad bhean a bhí aige ' riamh níor chuir sí suas ghan mart a mharbhú'. Fuair sí bás agus bhí mac aici darbh'ainm Conn! Phós sé bean eile annsin, agus nuair a thainig oidhche Mhárta chuir sí suas d'on mhart a mharbhú? Thug mártan isteach an mart agus marbhuigh sé é gan bhuidheacas dhi. "Go dtachtaidh an diabhal", ar sise, "an chéad duine a íosfas greim dhi". Chuir mártan píosa do'n mhart síos sa phota dhá bhruth, agus d'fhreastal sí é fhad is bhí sé a'bruth. Nuair bhí sé brute thug sí an pota sa seómra. Sé an chéad rud a rinne sí greim de a chur i na béal agus thacht an greim í. B'fada le mártan a bhí sí sa seómra agus chuaidh sé sa seómra agus fuair sé tachtaighthe i. "Is fior sin ", a dtubhairt mártan " bíonn uair na h-athchuinge ann." "Sin é an eascaine a rinne sí an chéad duine díosfadh greim d'en feóil i dhá thachtadh." Cuireadh an lá 'na dhiaidh sin í. Nuair a bhí fear an thighe agus a mhac ag ithe a shuipéar, tháínig sí ag an doras arís. Bhuail sí ar an doras agus leigeadh isteach í. Chuaidh mártan sa seómra le faithchios agus chuaidh an mac ar chúlGeraldine Merrifield